Uirlisí inrochtaineachta
Uirlisí seirbhíse
Roghnóir teanga
Cosán nascleanúna

Ag cruinniú an G8 ag Camp David, tacaíonn ceannairí an G8 le cur chuige dériain cobhsaíochta agus fáis chun téarnamh geilleagrach domhanda a chothú agus chun poist a chruthú - 18 agus 19 Bealtaine.
Ina bplé díreach oscailte in Camp David, d'aontaigh ceannairí uile an G8 chun treisiú le téarnamh geilleagrach agus muinín a spreagadh tríd an airgeadas poiblí a chur in ord, fad is a ghlactar le bearta chun fás a threisiú.
Luaigh siad freisin go bhfuil limistéar euro atá láidir is comhghreamaitheach tábhachtach le haghaidh cobhsaíochta is téarnaimh dhomhanda. D'aithin siad iarrachtaí an AE chun fás a athbhunú agus chuir siad in iúl go láidir gur mhaith leo go bhfanfadh an Ghréig i limistéar an euro, fad is a ghéillfidh sí dá tiomantais.
Rinne Uachtarán an Choimisiúin, José Manuel Barroso agus Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Herman Van Rompuy ionadaíocht ar an AE ag an gcruinniú.
“Maidir leis an nGréig, is tábhachtach gur athdhearbhaíomhar, lenár gcomhpháirtithe in G8 go bhfanfaidh an Ghréig i limistéar an euro, fad is a chloífidh sí leis na gealltanas a rinneadh,” a dúirt siad i gcómhráiteas ![]()
.
Chomhaontaigh ceannairí an G8 ar ghníomhaíocht chomhordaithe i gcás briseadh i soláthairtí ola agus chun turraingí don gheilleagar domhanda a sheachaint.
Seo cuid de na torthaí tábhachtacha ó tosaíchta an phlé ar chlár oibre an chruinnithe 2-lá:
d'iarr ceannairí an G8 ar rialtas na Siria is ar fhórsaí an fhreasúra géilleadh do chomhphlean síochána na NA is an Chonartha Arabaigh ionas go dtosóidh an tír trasdul chuig an daonlathas.
Grúpa neamhfhoirmeálta ardgheilleagar a thagann le chéile uair sa bhliain le ceisteanna domhanda comhspéise a phlé is ea an G8. Bíonn an AE rannpháirteach - fara na tíortha ar leith an Fhrainc, an Iodáil, an Ghearmáin agus an RA.
Is baill den G20 iad tíortha uile an G8 freisin. In Los Cabos, Meicsiceo, a thionólfar cruinniú mullaigh an G20 an mhí seo chugainn.
Breis eolais i nDearbhú iomlán Camp David