Cosán nascleanúna

Le 20 bliain anuas is fearr comhordú na mballstát, rud a thugann cabhair go tapa d'íospartaigh anachana is conbhleachtaí ar fud an domhain.

Bíodh sé ina ghorta sa tSomáil, i gcampaí na ndídeanaithe san iar-Iúgslaiv, ina chrith talún i bPeiriú nó ina dtuilte sa Bhanglaidéis – tá oifig cabhrach daonnúla an Choimisiúin, ECHO, ann le cabhrú ó 1992.

Cruthaíodh í le cabhrú chun freagairt an AE ar ghéarchéimeanna idirnáisiúnta a chomhordú, d'éis sraithe díobh i 1991 a léirigh laige an Aontais sa réimse sin.

Ó shin i leith, bíonn freagairt géarchéime an AE á sruthlíniú ag an oifig - le cabhair níos gasta d'íospartaigh, is breis beathaí á sábháil aici. Mar shampla, ó 2001 d'éirigh léi suas le €3m i gcistí éigeandála a chur ar fáil laistigh de 48 uair an chloig.

In 2010, leathnaíodh sainchúram ECHO go cosaint shibhialta Englishfrançais d'íospartaigh tubaistí laistigh den Eoraip.

Agus anuraidh, sheol an oifig céim phíolóta an Cóir Shaorálaigh Eorpaigh um Chabhair Dhaonnúil Englishfrançais – marar féidir le gnáthshaoránaigh a bheith bainteach le fóirithint anachaine.

Thug na gníomhaíochtaí sin breis is a thrí oiread de mhéadú i méid na cabhrach daonnúla a dháileann an AE, agus shroich an buiséad €1bn anuraidh.

Léiríonn an méadú gur minice a tharlaíonn tubaistí ar fud an domhain. Ach fairis sin, léiríonn sé tiomantas daingean an AE níos mó a dhéanamh dóibh siúd atá ina ghá – dearcadh atá ag 80% de na hEorpaigh, dar le suirbhé English de déanaí.

Deontóir cabhrach is mó ar domhan

Seolann ECHO tacaíocht ghéarchéime an AE trí thart ar 200 eagras cabhrach daonnúla – ina measc, gníomhaireachtaí NU is ENRanna.

Ar an tacaíocht áirítear cúnamh éigeandála - cóir leighis, bia, uisce - is cabhair fhadtéarmach dóibh siúd atá i gcampaí dídeanaithe, amhail sláintíocht is scoileanna.

In 2011, chabhraigh tionscadail AE-mhaoinithe le thart ar 160,000 páiste a raibh míchothú ag bagairt orthu i réigiún Sahel na hAfraice, chomh maith le híospartaigh géarchéime i Háítí, sa Libia, sa tSeapáin, in Éimin agus sa tSomáil, is in áiteanna nach iad.

An AE an deontóir cabhrach daonnúla is mó ar domhan. Fara a chuid ballstát, tugann sé breis is leath na cabhrach domhanda oifigiúla go léir.

Breis faoi chabhair dhaonnúil is faoi chosaint shibhialta Englishfrançais

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links