Cosán nascleanúna

An AE is an tSín ag treisiú a nasc - 16/02/2012

Neartaíonn an dá chumhacht mhóra a gcomhpháirtíocht sa 14ú cruinnigh mullaigh idir an AE agus an tSín.

Tháinig Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Herman Van Rompuy, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, José Manuel Barroso agus Príomh-Aire na Síne, Wen Jiabao le chéile ag an gcruinniú mullaigh a tionóladh i mBéising an 14 Feabhra.

"Ceann de na comhpháirtíochtaí is tábhachtaí ar domhan is ea comhpháirtíocht an AE agus na Síne", arsa an tUachtarán Barroso agus tábhacht na comhpháirtíochta sin do "chobhsaíocht agus rath ar an leibhéal domhanda" á meabhrú aige.

Comhar tráchtála láidir

An AE, sin an comhpháirtí tráchtála is mó atá ag an tSín, an tSín, sin an soláthraí táirgí monaraithe is mó atá ag an AE. Malairtí tráchtála idir an AE agus an tSín — billiún euro in aghaidh an lae — spreagann siad fostaíocht, fás agus nuáil.

Chun caidreamh idir fiontraithe Síneacha agus Eorpacha a chur chun cinn, ní mór tús a chur gan mhoill le caibidlíocht le go dtiocfaidh an AE agus an tSín ar aontú maidir le hinfheistíochtaí. Sheas an tAontas air go gcuirfeadh an comhaontú seo oscailt margaidh na Síne chun cinn.

Uirbiú marthanach

Seoladh comhpháirtíocht nua ar fhorbairt uirbeach ag an gcruinniú mullaigh. Sa chéad fhóram, a thionólfar i mbliana tiocfaidh méaraí Eorpacha agus Síneacha le chéile chun ceisteanna fuinnimh, cáilíocht an aeir agus an uisce, bainistithe dramhaíola, gluaiseachta agus imeasctha imirceach sna cathracha a phlé.

Malairtí idirphearsanta a mhéadú

Sheol an AE an bhliain d'idirphlé idirchultúrtha leis an tSín le gairid a bhfuil faoi na malairtí cultúrtha agus na teagmhálacha idir saoránaigh na hEorpa agus na Síne a chur chun cinn.

Is ionann aidhm don "Idirphlé idir dhaoine", tionscnamh nua a seoladh ag an gcruinniú mullaigh. Tá faoin idirphlé seo, a bhaineann go príomha le hoideachas agus cultúr, Comhairle Ardoideachais an AE agus na Síne, mar shampla, a chruthú, chomh maith le malairtí mac léinn agus léachtóirí.

Saincheisteanna idirnáisiúnta

D'aontaigh an AE agus an tSín go ndoimhneoidís a gcomhoibriú ar na ceisteanna idirnáisiúnta amhail an clár núicléach Iaránach agus staid na Siria agus Bhurma/Mhaenmar.

Chinn an dá chumhacht mhóra a gcuid comhair a threisiú i dtionól an G20 chun oibriú le chéile d'fhonn fadhbanna a bhaineann leis an gcomhphobal idirnáisiúnta ina iomláine a réiteach, amhail athrú na haeráide agus an chibearchoireacht.

Cruinnigh mullaigh an AE is na Síne, an 14 Feabhra 2012 DeutschEnglishfrançaisportuguês

Caidreamh an AE na Síne Englishfrançais

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links