Uirlisí inrochtaineachta
Uirlisí seirbhíse
Roghnóir teanga
Cosán nascleanúna

Maraítear 10 000 duine gach bliain de dheasca na mianach talún. Is iomaí duine a ghortaítear ar shlí dholeigheasta nó a chailleann duine a bhfuil grá acu dó/di. Cuid mhaith dá maraítear nó dá ngortaítear, mná agus leanaí is ea iad.
D'ainneoin iarrachtaí idirnáisiúnta chun tionchar na mianach talún a mhaolú, tá thart ar 65 tír fós faoina n-éifeacht, nó ag fulaingt ó ghairis eile nár phléasc.
Rinne an AE tiomantas polaitiúil agus airgeadais don fheachtas idirnáisiúnta. Ó tháinig sé i bhfeidhm i 1997, tá an AE tar éis tacú le mórchuspóir an Chonartha um Mianaigh Talún a Chosc (Coinbhinsiún Ottawa).
Ó thaobh airgid, thiomnaigh an AE agus a bhallstáit €1.8 billiún mar thaca leis an gCoinbhinsiún idir 2002 agus 2009. Fuair 44 tír breis is €300 milliún eatarthu ó bhuiséad an Aontais sa tréimhse sin chun bagairt na mianach talún a laghdú is chun cabhrú leis na híospartaigh.
Faoi láthair, tá an AE ag tacú le tionscadail mar iad seo a leanas:
In áiteanna eile tá an AE ag rannchuidiú le hoideachas mar gheall ar bhaol na mianach agus le cláir chúnaimh do na híospartaigh.
Agus cuid mhaith tíortha ag brath ar an gcúnamh fadtéarmach sin, tá an AE in ann gníomhú go mear le linn coinbhleachta agus dá héis chun páirt a ghlacadh i nglanadh mianach nó chun cabrú láithreach bonn le híospartaigh.
Cuid d'ionstraimí an AE um chúnamh seachtrach is ea gníomhú i gcoinne na mianach, agus mar sin is eochairmhír í de na beartais dhaonnúla is fhorbraíochta uile. Fairis sin, iarrtar ar thíortha a fhaigheann cabhair ón AE tosaíocht a thabhairt do ghníomhú i gcoinne na mianach, rud a chinntíonn úinéireacht náisiúnta na gclár chomh maith lena dtionchar fadtéarmach.
Tuilleadh ar úsáid mhianach talún a stopadh
4 Aibreán - Lá Idirnáisiúnta an NA um Fheasacht Mianach is um Chúnamh sa Ghníomhú i gcoinne na Mianach ![]()
![]()