Cosán nascleanúna

Bratach an AE arna ceangal go fiarthrasna le bratach na Seapáine © AE

D'fhreagair an AE go tapa ar iarratas na Seapáine ar chabhair agus an tír sin ag coimheascar le hiarmhairt an chreatha talún is an tsúnámaí an 11 Márta, agus leis an ngéarchéim i gcuid dá gléasraí núicléacha.

An 15 Márta d'iarr an tSeapáin cabhair ar an AE dá géarchéim dhaonnúil - is gá cúram leighis, fothain agus bia láithreach do na céadta mílte duine d'éis an chreatha talún is an tsúnámaí a bhánaigh cósta thoir thuaidh na tíre.

Ghníomhachtaigh an AE a chóras freagartha éigeandála English a chabhraíonn lena 27 ballstát chun cúnamh a chomhordú nuair a tharlaíonn géarchéimeanna intíre agus idirnáisiúnta.

Tharraing sé sin tairiscintí láithreach ó chuid mhaith ballstát mar fhreagra ar iarratas na Seapáine ar bhlaincéid, tochtanna, buidéil uisce, umair agus aonaid íonúcháin.

Tá cabhair bhreise á cur ar fáil ag an AE, amhail:

  • malartú eolais ar líne English do shaoránaigh AE a ndeachaigh an crith talún i gcion orthu
  • foireann 10 saineolaí a chur le chéile atá ullamh dul chun na Seapáine chun cúnamh an AE a chomhordú - le tacaíocht ó speisialtóirí sa raideolaíocht, sa teicneolaíocht núicléach is i réimsí teicniúla eile.
  • saineolaí daonnúil a chur chuig foireann NA agus oifigeach idirchaidrimh a chur ann chun cumarsáid le rialtas na Seapáine a chomhordú.

Géarchéim na stáisiún núicléach

Táthar ar faire go géar ar an ngéarchéim ag stáisiúin núicléacha na Seapáine. Tá nuashonruithe ag teacht go rialta chuig an gCoimisiún ón nGníomhaireacht Idirnáisiúnta do Fhuinneamh Adamhach.

Fairis sin, bhuail sé le 27 údarás náisiúnta um shábháilteacht núicléach an AE agus le daoine atá i bhfeighil ar stáisiúin núicléacha na hEorpa. Ba chuspóir dóíbh staid ullmhúcháin an AE chun freagairt ar a leithéid d'fhadhbanna a mheas.

Tá beartaithe ag an gCoimisiún tástálacha struis ar stáisiúin núicléacha uile an AE a chomhordú chun a chinntiú go bhfuil siad sábháilte. Iarrfaidh an AE ar thíortha comharsanachta gealltanas a thabhairt chun a leithéid de thástálacha struis a dhéanamh.

Cabhair bhreise

Tá an AE i mbuanteagmháil le rialtas na Seapáine chun a shocrú cén chabhair bhreise a chuirfidh sé ar fáil.

Breis faoi fhreagairt an AE ar chrith talún na Seapáine English

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links