Cosán nascleanúna

Cúnamh forbraíochta níos cliste, ard-tionchar - 07/12/2010

Lógó Laethanta Forbraíochta na hEorpa leis an nasc URL chuig eudevdays.eu © AE

Laethanta Forbraíochta na hEorpa, fóram bliantúil chun cur chuige an AE a shocrú chun daibhreas a chomhrac ar fud an domhain.

D'fhreastail timpeall 7 000 duine ar Laethanta Forbraíochta na hEorpa Englishfrançais , 6-7 Nollaig sa Bhruiséil. Phléigh siad conas a d'fhéadfaí cabhair níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí a sheachadadh, ag tabhairt faoi shaincheisteanna amhail tairiseacht sholáthar bia, uisce, sláinte, oideachas, cearta daonna, comhionannas inscne, daonlathas, dea-rialachas, agus fás sóisialta is geilleagrach.

Is é an AE gona bhallstáit an deontóir cabhrach is mó ar domhan, agus níos mó ná leath an airgid a úsáidtear chun cabhair a thabhairt do thíortha i mbéal forbartha á thabhairt aige. Spreagann sé forbraíocht chomh maith trína mhargaí a oscailt d'onnmhairí agus trí chomhtháthú geilleagrach réigiúnach a mhealladh.

Fiú le linn an chúlaithe gheilleagraigh, creideann 89% d'Eorpaigh go bhfuil cabhair fhorbraíochta fós an-thábhachtach nó tábhachtach go leor, de réir suirbhé 2010 English . Deir timpeall 50% gur chóir don AE a thiomantas chun cúnamh a mhéadú go dtí 0.7% d'ollioncam náisiúnta faoi 2015 a chomhlíonadh agus ba mhaith le 14% go dtabharfadh an t-Aontas níos mó ná sin, fiú.

Dhírigh fóram na bliana seo ar riachtanais speisialta na dtíortha is lú forbraíocht ar domhan, ar chomhionannas inscne agus ar fhadhb na gcógas bréige.

Scrúdaigh painéal LFE amháin buntáiste chearta na leanaí a bhreithniú i mbeartas forbraíochta. Seimineár eile faoi mhalartú an dea-chleachtais, scrúdaigh sé íde na leanaí a oibríonn sa tionscal cacó.

Thug painéal eile cuntas ar fhorás beartais forbraíochta an AE agus a ról i dtacú le daonlathas i dtíortha i mbéal forbartha. Tionóladh pléití faoi conas daibhreas a chomhrac trí chomhionannas a chur chun cinn, i dteannta le díospóireacht faoi ról na n-údarás áitiúil.

An rud is tábhachtaí, gur phléigh an Coimisiún tionscnamh AE atá le teacht chun feabhas a chur ar rochtain ar fhuinneamh i dtíortha i mbéal forbartha agus ar iarrachtaí an Aontais chun Cuspóirí Fobraíochta na Mílaoise na NA a bhaint amach, a shocraigh spriocanna domhanda chun daibhreas a laghdú faoi 2015.

Seoladh sraith tuarascálacha agus staidéar amach le linn an fhóraim, lena n-áirítear Tuarascáil na hEorpa faoi Fhorbraíocht 2010 English .

Breis faoi chúnamh AE is faoi chúnamh forbraíochta Englishfrançais
EuropeAid българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links