Cosán nascleanúna

Straitéis an mhéadaithe 2010 agus measúnuithe ar dhul chun cinn na dtíortha seo a leanas i dtreo ballraíochta san AE: an Chróít, an Íoslainn, Poblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine, an Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin; Montainéagro, an tSeirbia agus an Chosaiv.

Fanann méadú breise ina thosaíocht pholaitiúil don AE is dá 27 ballstát. Neartóidh sé slándáil, síocháin, fás geilleagrach agus meáchan polaitiúil na hEorpa.

Is i dTuarascáil 2010 faoi straitéis an mhéadaithe българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska a fholaíonn na Balcáin Thiar, an Íoslainn agus an Tuirc, a mheasúnaítear an staid faoi láthair agus conas cabhrú leis na hiarrthóirí chun na leasuithe is gá dá gcomhlachas a bhaint amach.

Leithdháil an AE €11.6bn do 2007-13 chun tacú leis an bpróiseas ullmhúcháin. I measc na dtairbhí cheana féin tá saor-rochtain ar mhargadh aonair an AE d'fhormhór na n-allmhairithe - cúnamh ríthábhachtach do thíortha atá ag iarraidh teacht chucu féin d'éis na géarchéime domhanda geilleagraí.

Tá roinnt mórdhúshlán fós ann, amhail caighdeáin dlí, riarachán poiblí, saoirse tuairimí agus coinníollacha na ndaoine eisiata a fheabhsú.

Na tíortha a cruthaíodh nuair a thit an Iúgslaiv as a chéile, is gá dóibh fós ceisteanna a réiteach a thionscain aighnis ón am sin.

Maidir le Montainéagro, molann an Coimisiún go mba chóir don Chomhairle stádas tíre is iarrthóir a dheonú ar an tír sin. Ba chóir go n-osclófaí idirbheartaíocht comhlachais leis an AE nuair a bhainfidh an tír sin amach an leibhéal is gá i gcritéir na ballraíochta a chomhlíonadh. Maidir leis sin, caithfidh an tír roinnt mórthosaíochtaí a chomhall.

Measann an Coimisiún go mba chóir go n-osclófaí idirbheartaíocht comhlachais san AE leis an Albáin nuair a bhainfidh an tír sin amach an leibhéal is gá i gcritéir na ballraíochta a chomhlíonadh. Maidir leis sin, caithfidh an tír roinnt mórthosaíochtaí a chomhall.

Idir an dá linn, tá an Chróit ag dul isteach sa chéim dheiridh den phróiseas, ach fós ní mór di caighdeáin faoi neamhspleáchas na mbreithiúna is faoi bhunchearta a chomhall.

Tá Poblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine ag fanacht le cinneadh ó rialtais an AE faoi chainteanna ballraíochta a thosú.

Chuir an tSeirbia isteach ar bhallraíocht san AE i mí na Nollag 2009. D'iarr rialtais an AE ar an gCoimisiún an mhí seo caite tuairim a thabhairt faoin iarratas.

Maidir leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin, nocht an Coimisiún a imní faoin dul chun cinn mall a rinneadh i nglacadh leis an iliomad leasuithe atá riachtanach dá dul chun cinn i dtreo an AE. Chuir sé béim ar pheirspictíocht Eorpach na Cosaive chomh maith agus chuir sé i bhfios go láidir a thoilteanas chun cabhrú leis an iliomad dúshlán, idir theicniúil agus reachtach, a bhíonn fós os comhair na gcríoch.

Dúradh leis an Tuirc go gcuirfí luas lena dul chun cinn mall ina hidirbheartaíocht comhlachais nuair a chomhlíonfaidh sí a hoibleagáidí faoin Aontas Custaim Englishfrançais leis an AE, go sonrach trína calaí agus a haerfoirt a oscailt do thrácht ó Phoblacht na Cipire.

D'oscail an Íoslainn cainteanna comhlachais leis an AE i mbliana, agus is buntáiste é gur ball den Limistéar Geilleagrach Eorpach agus de chomhaontú Schengen í.

Breis faoi mhéadú an AE българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links