Cosán nascleanúna

Priacal eipidéimí os comhair mharthanóirí tuile na Pacastáine - 30/08/2010

Buaileann Kristalina Georgieva le híospartaigh tuilte sa Phacastáin © AE

Tá galair uisce-iompartha ag leathadh go tapa i measc mharthanóirí tuile na Pacastáine, le bagairt eipidéimí, a deir Coimisinéir cúnaimh an AE ar fhilleadh di ón tír sin.

Bhuail an Coimisinéir Kristalina Georgieva le feidhmeannaigh Phacastánacha, oibrithe cúnaimh is le híospartaigh tuilte le linn a turais dhá lá. Dúirt sí gur tubaiste "uafásach" a bhí ann agus gur achar cúig oiread na Beilge atá buailte.

"Táim an-bhuartha faoi éipidéimí," a dúirt Bean Georgieva le preasagallamh, ag tagairt di don ardú scáfar ar chásanna galair uisce-iompartha le cúpla lá anuas. Pléifidh airí gnóthaí eachtracha an AE straitéis freagairte ag a gcruinniú an tseachtain seo chugainn.

Mharaigh na tuilte monsúin ba mhó riamh idir 1500 agus 2000 duine, scuab leo breis is milliún teach agus scrios breis is 3.4m heactár barr. Go huile, chuir siad isteach ar thart ar 17 milliún duine.

Gheall tíortha an AE €230 milliún mar fhóirithint ghéarchéime - lena n-áirítear €70m de mhaoiniú AE - a shroicheann breis is leath na tússprice NA.

Beidh cabhair leis an atógáil ag teastáil ón bPacastáin - ach ní léir fós go díreach cé mhéad. Beidh Islamabad mar óstach ar chomhdháil deontóirí níos déanaí i mbliana.

 

Breis faoi chúnamh an AE don Phacastáin Englishfrançais

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links