Cosán nascleanúna

AE don chéad uair ag Expo 2010 in Shanghai - 03/05/2010

Ag Taispeántas Domhanda Shanghai cuireann an AE é féin os comhair mhórphobal na Síne don chéad uair.

Seo an chéad uair a ghlacann an tAontas Eorpach páirt i dTaispeántas Domhanda lasmuigh den Eoraip: Ó Lá Bealtaine ar feadh sé mhí beidh sé á chur féin i láthair in ollchathair tionscail is airgeadais Shanghai Englishfrançais - ar chuireadh na Síne, an dara comhpháirtí trádála is tábhachtaí atá ag an AE.

Roinneann an AE a phailliún English leis an mBeilg, a ghlacfaidh uachtaránacht an AE go ceann sé mhí an samhradh seo. Is sa "cheathrú Eorpach" in aice le formhór na mBallstát atá an AE le fáil.

Tá súil le breis is 70 milliún cuairteoir san Expo. Thug Uachtarán an Choimisiúin José Manuel Barroso cuairt ar an bpailliún Beilgeach-Eorpach cheana féin.

Faoin mana "An Eoraip Mheabhrach", teastaíonn ón AE éachtaí na hEorpa gan teorainneacha a chur os comhair phobal na Síne agus na n-aíonna as gach cearn den domhan, chomh maith le clár Erasmus agus an euro. Thairis sin, beidh cosaint an chomhshaoil, stair na hEorpa agus a cuid áilleachtaí amhail an Acrapoil agus Túr Eiffel ina lárchuid de léiriú scannáin 3D.

Beidh imeachtaí cultúrtha mar sméar mhullaigh: I dteannta le féile eolaíochta, ceolchoirmeacha agus drámaíocht, beidh áit don pheil Eorpach freisin. Agus Uachtarán UEFA Michel Platini mar urra ar phailliún an AE, beidh cluiche peile ar siúl idir réaltaí na hEorpa agus a gcomhghleacaithe Síneacha, le linn sheachtain an mhana.

An tAontas Eorpach ag Expo 2010 in Shanghai English

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links