Cosán nascleanúna

Ó chlé go deas:   Catherine Ashton, Hillary Clinton agus Ban Ki-moon© EU

Geallann AE breis is €1.2bn d'atógáil is d'fhorbairt fadtéarmach Háítí.

Is ag comhdháil NA faoi Háítí Englishespañolfrançais i Nua-Eabhrac an tseachtain seo caite a fógraíodh an cinneadh maoinithe.

San iomlán, gheall na tíortha €7.3bn ($9.9bn) mar chabhair atógála do tír d'éis chrith talún sladach mhí Eanáir. Den méid sin, gealladh breis is a leath ($5.3bn) i gcomhair 2010 - 11. Níor iarr Háítí ach $3.9bn don tréimhse sin.

D'iarr Catherine Ashton, ard-ionadaí gnóthaí eachtracha an AE, plean 10 mbliana a rachaidh thar an atógáil chun béim a chur ar fhorbairt is ar fhás.

"Aithníonn an AE go n-éilíonn atógáil Háítí tiomantas fadtéarmach ar a comhpháirtithe forbraíochta," ar sise. Is fada an AE mar cheann de na deontóirí is mó ag an tír Chairibeach.

Molann Kristalina Georgieva, Coimisinéir na Cabhrach Daonnúla, go n-úsáidfí scéimeanna airgead-tirim-ar-obair agus mioniasachtaí chun forbairt a spreagadh is na Háítígh a chumasú.

Mharaigh an crith talún breis is 200 000 duine is d'fhág breis is milliún gan dídean. Tá €300m i gcabhair dhaonnúil tugtha ag an AE cheana féin.

Breis faoi chabhair dhaonnúil an AE do Háítí Englishespañolfrançais

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links