Cosán nascleanúna

An tSile ag atógáil d'éis an chreatha talún - 17/03/2010

Foirgneamh ar scoilt crith talún ina dhá leath é sa tSile © Reporters

Bhog insealbhú uachtarán nua na Sile Coimisinéir nua an AE um chabhair dhaonnúil - ar bhreis slite ná ceann amháin.

Bhí Kristalina Georgieva ag an searmanas le linn turais chun oibríochtaí fóirithinte an AE a iniúchadh i gcodanna den tír i Meiriceá Theas a d'fhulaigh ó chrith talún méadúil na míosa seo caite. Chruinnigh an AE €3m mar chabhair agus sheol sé saineolaithe chun dáileadh soláthairtí a chomhordú.

Díreach sular insealbhaíodh an tUachtarán Sebastián Piñera i bParlaimint na Sile i gcathair lárnach Valparaiso, bhuail iarchrith ollmhór an cósta, agus dhá cheann eile sa leathuair an chloig dá éis. Ach níor rith éinne amach agus lean an tUasal Piñera air ag caint leis na ceannairí domhanda amhail is nár tharla faic. Ina blag English , cuireann an Coimisinéir an easpa scaoill síos don mhuinín in ardchaighdeán tógála na tíre, ar minic creathanna talún inti.

Bhí an crith an 27 Feabhra - 8.8 ar scála Richter - ar na cinn is mó riamh, ach ní mór an méid a maraíodh - thart ar 500 duine. An Súnámaí ina dhiaidh a mharaigh a bhformhór. Cé gur deineadh dochar do chuid mhaith foirgneamh, níor imphléasc mórán acu.

D'iarr an tSile cabhair idirnáisiúnta amhail droichid mheicniúla, ospidéil allamuigh, fóin saitilíte, córas chun sáile a íonú, fothain agus cistineacha allamuigh.

Ceithre ghníomhaireacht atá ag cabhrú chun cúnamh an AE a dháileadh: Telecoms Without Borders (Telecoms gan teorainneacha), an tEagras Sláinte Pan-Mheiriceánach agus craobhacha na Spáinne is na Gearmáine den Chrois Dhearg.

Tá ceithre shaineolaí dhaonnúla agus foireann seisir den chosaint shibhialta English ag an AE sa tSile.

Thacaigh roinnt ballstát le cabhair an AE agus thug a gcion féin chomh maith. Chuir an Spáinn, an Ghearmáin is an Fhrainc saineolaithe chuig an réigiún freisin.

Lárionad faisnéise is faireacháin an AE sa Bhruiséil, a oibríonn de ló is d'oíche, a chomhordaigh cion na dtíortha sin.

Breis faoi chabhair dhaonnúil an AE Englishfrançais

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links