Cosán nascleanúna

Comhionannas inscne - ar fud an domhain - 08/03/2010

Lógó Lá Idirnáisiúnta na mBan ©EU

Is gá mná sa domhan forbraíochta a chumhachtú chun cur le comhionannas idir an dá ghnéas.

Plean gníomhaíochta Englishfrançais nua an AE faoi chomhionannas inscne, úsáidfidh sé cabhair forbraíochta chun tacú lena chuspóirí lasmuigh den AE. Fógraíodh an plean Lá Idirnáisiúnta na mBan (8 Márta), is tá faoi athdhé a shéideadh sna geallta a rinneadh ag comhdháil na NA faoi mhná in Béising - uair chinniúnach sa troid ar son chearta na mban. Idir an dá linn, ámh, ní mór an dul chun cinn a rinneadh.

Teist ar thiomantas an AE don chomhionannas inscne - laistigh is lasmuigh dá theorainneacha - is ea an tionscnamh nua. Faoi chaibidil tá comhchearta, rochtain ar acmhainní amhail talamh is oideachas, agus rannpháirtíocht sa chinnteoireacht. Toisc gurb é an AE an t-urra comhionannas inscne is mó ar domhan, agus 60% den chabhair forbraíochta iomlán gach bliain á thabhairt aige, tá tionchar domhanda aige.

Sa chabhair cuimsítear maoiniú d'obair i measc na cosmhuintire chun coinníollacha na mban sna tíortha forbraíochta a fheabhsú. Sa Bhotsuáin, mar shampla, thug an AE €370 000 d'obair an eagrais Mná i gcoinne Éigniú English , carthanacht a eagraíonn feachtais ar son dlíthe chun mná a chosaint ó mhí-úsáid is chun ciontóirí a ionchúiseamh.

Fairis sin, tá comhionannas inscne ar cheann de chuspóirí forbraíochta na mílaoise Englishespañolfrançais - spriocanna chun cabhrú leis na daoine is boichte ar domhan, lenár thacaigh 192 tír agus 23 mór-fhoras forbraíochta.

Oibríonn an AE, leis, chun feasacht faoi chearta na mban a ardú - mar shampla trí chomórtas líníochta Englishfrançais bliantúil a bhíonn ar oscailt do gharsúin is do chailíní atá ina gcónaí i gcodanna eile den domhan. Roghnóidh painéal 50 páiste san AE an dá líníocht is fearr leo ó gach réigiún, agus gheobhaidh gach buaiteoir €1,000 dá scoil. Tá ar na páistí an ealaín a úsáid chun dhá aisling a léiriú: comhionannas inscne, agus conas a thig le fir is mná oibriú le chéile chun an domhan a fheabhsú.

Meastar gur mó an seans go seasfaidh daoine fásta an lae amárach le cothrom na Féinne idir fir is mná ar fud an domhain má ardaítear feasacht na bpáistí faoi cheisteanna comhionannais inscne anois.

Cearta na mban i mbeartas eachtrach an AE English

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links