Cosán nascleanúna

Ordóga in airde don Íoslainn - 24/02/2010

Bratach na hÍoslainne © EU

Meastar Íoslainn ullamh do chainteanna ballraíochta AE

Ba cheart don AE cainteanna foirmeálta leis an Íoslainn faoina hiarratas comhlachais a thosú, a deir tuarascáil ón gCoimisiún faoi oiriúnacht na tíre do bhallraíocht.

Ach deir an tuarascáil freisin gur cheart do ndéanfadh an náisiún oileánda le daonra 320 000 san Atlantach Thuaidh 'iarrachtaí dáiríre' a cuid dlíthe a thabhairt de réir reachtaíocht an AE i réimsí mar an iascach, talmhaíocht agus seirbhísí airgeadais.

Críochnaíonn an moladh seo staidéar an Choimisiúin faoi oiriúnacht ballraíochta na hÍoslainne, an chéad chéim sa phróiseála iontrála. Is gnách go dtógann a leithéid de staidéir bliain lena gcríochnú, ach níor thóg moladh an lae inniu ach seacht mí ó chuir an Íoslainn a hiarratas isteach.

Aithníonn an tuarascáil go bhfuil cuid mhór de luacha an AE i bpáirt ag an Íoslainn, ina measc daonlathas seanbhunaithe is meas ar chearta an duine. Mar chuid den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch English, tá an tír lánpháirtithe i margadh an AE cheana féin agus cloíonn sí le formhór dhlíthe an AE.

Má chinneann tíortha an AE ar ghlacadh leis an Íoslainn mar iarrthóir oifigiúil, is dócha go mairfidh an idirbheartaíocht bliain ar a laghad. Má chríochnaíonn siad le cuireadh, tá faoin Íoslainn reifreann a reáchtáil faoin gceist.

Chas an Íoslainn i dtreo an AE agus géarchéim gheilleagrach sa tír. Aibhsíonn a hiarratas ról an AE chun tacú le cobhsaíocht pholaitiúil is gheilleagrach.

Breis faoi mhéadú an AE българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links