Cosán nascleanúna

Manglam foscadán ainmniúchais in Háítí © An tAontas Eorpach - Grianghraf ó ECHO/Susana Perez Diaz

Iarrann an Coimisiún €90m breise mar chabhair, ó chistí éigeandála an AE, don tír d'éis na tubaiste

Breis is mí d'éis do chrith talún an tír a scriosadh, tá beagnach milliún Háítíoch ina gcónaí i bpubaill is is bhfoscadáin ainmniúchais - cúis mhór imní is an tír ag druidim le séasúr na spéirlingí is na báistí.

“Eochair-thosaíocht is ea díon a chur ar fáil don uile dhuine,” arsa Kristalina Georgieva, ceannaire nua gnóthaí daonnúla an an AE. "Agus ní mór díon a bheidh inchurtha le hanfaí an Cairibe."

D'iarr an Coimisiún ar an bParlaimint is ar an gComhairle €90m ó chistí éigeandála a fhormheas chun fothain is cúram sláinte a chur ar fáil - gá práinneach eile óir tá a lán marthanóirí ag téarnamh ó leontaí tromchúiseacha.

Má ghlactar leis, shroichfeadh pacáiste cabhrach iomlán an AE do Háítí €609m. Tá cion na dtíortha AE ar leith sa tsuim sin freisin, rud atá ag ardú i gcónaí. Níos luaithe an tseachtain seo, gheall an Fhrainc €230m mar chabhair úr do Háítí.

Fairis sin, tá faoin AE 300 póilín míleata a chur go Háítí chun cabhrú le foscadáin a thógáil. Tá an Fhrainc, an Iodáil, an Spáinn, an Phortaingéil agus an Ísiltír ag cur póilíní ar fáil.

Fógraíodh an t-imscaradh an mhí seo caite mar fhreagairt ar iarratas ón NA. Ar dtús leagadh mar chúram orthu cabhrú le fórsaí an NA ord a choimeád ach d'fhan an tír suaimhneach ar an mórgóir.

Tá na céadta saineolaí ón AE in Háití, ag comhordú bia, cógais, blaincéad, puball, uisce agus breosla. Tá an chabhair á dáileadh trí na Náisiúin Aontaithe agus trí eagrais eile is comhpháirtithe leis an AE. Chuir sé ar chumas Chrois Dhearg na Fionlainne, mar shampla, clinic leighis shoghluaiste a oscailt, is ar chumas an ghrúpa Bhriotanaigh Oxfam uisce glan a chur ar fáil do 15,000 Háítíoch gach lá.

Deir Coimisinéir na forbraíochta Andris Piebalgs nach fada go dtabharfaidh sé cuairt ar Háítí. Cabhrú leis an rialtas a bheith lánghníomhach, sin a thosaíocht.

Mharaigh crith talún na míosa seo caite breis is 200,000 duine, is ba é faoi deara na billiúin euro dochair. Tá comhdháil deontóirí le bheith i Nua-Eabhrac i Márta.

Breis faoi chabhair dhaonnúil an AE do Háítí Englishfrançaisespañol

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links