Cosán nascleanúna

Fórsa póilíneachta na hEorpa ar an mbealach go Háítí - 26/01/2010

Foirgnimh scriosta i Háítí © An Aontas Eorpach - Grianghraf ag ECHO/Vicente Raimundo

Tá ar a laghad 300 póilíní airm ón Aontas Eorpach ar an mbealach go Háítí chun cabhrú le hord a choimeád sa thír buailte le crith talún. Rannchuideoidh an Fhrainc, an Iodáil, an Spáinn, an Phortaingéil agus an Ísiltír leis an bhfórsa.

Soláthróidh an AE innealtóirí agus trealamh chun bóithre a ghlanadh chomh maith agus tacóidh sé le hiarrachtaí chun cúnamh ar muir a sheachadadh. Rinneadh an-damáiste do phríomhchalafort Háítí san chrith talún.

D'aontaigh airí eachtracha AE leis an t-imscaradh ar an Luan i ndiaidh achainí na NA do chabhair le slua-rialú agus dáileadh cabhrach. Tá na NA ag comhordú na hiarrachta fóirithinte. Chinn na n-áirí chomh maith oifig a bhunú san Bhruiséil chun cúnamh míleata agus slándála a chomhordú.

Ar an Luan freisin, bhuail thart ar 20 tíortha agus eagrais le chéile, an AE san áireamh, i Montreal chun comhdháil deontóra idirnáisiúnta a shocrú agus tosaíochtaí a leagan amach chun an tír a athógáil.

Tá níos mó ná €400m tairgthe do Háítí cheana féin ag an AE. Beidh timpeall leath atreoraithe ó chistí arna gcur in áirithe roimhe seo don naisiún Cairibeach.

Dhá sheachtain d'éis na tubaiste, tá an iarracht fóirithinte tar éis aistriú chun cabhrú leis na marthanóirí gan dóchas. Tuairiscíonn saineolaithe AE go bhfuiltear ag dul chun cinn ag dul i ngleic leis na sáinnchrosairí lóistíochta a chur isteach go mór ar na hiarrachtaí fóirithinte i dtosach. Ach i ngeall ar na céadta mílte daoine gan dídean, is fadhb i gcónaí ag fás í an easpa fothana.

"Tá na riachtanais mamait, tá an t-eagrúchán ollmhór agus tá an comhordú ar scála an-mhór, ach diaidh ar ndiaidh tá rudaí ag teacht le chéile,” a deir Susana Perez Diaz ó ECHO Englishfrançais , roinn cabhrach daonnúla an AE.

Tá beagnach 700 saineolaithe AE i Háítí, ag comhordú deonacháin de bhia, leigheas, brait, pubaill, uisce agus breosla.

Idir an dá linn, tá gníomhaíochtaí tiomsaithe airgid ag gnóthú móiminteam san Eoraip agus timpeall na cruinne. I gcás amháin, tá Telecom na Fraince, an comhlacht teileafóin náisiúnta, ag ligean do thomhaltóirí deonacháin a dhéanamh do Chros Dhearg na Fraince agus dhá charthanachtaí eile le téacsteachtaireachtaí go ceann míosa,

Tá an AE mar cheann de na príomhdheontóirí ag Háítí le fada. An bhliain seo caite, chuir sé €7m i leataobh chun míchothú agus mortlaíocht páistí a chomhrac agus chun ullmhú do ghéarchéim dhaonnúil nó tubaiste nádúrtha.

 

Breis faoi chabhair dhaonnúil an AE do Háítí Englishespañolfrançais

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links