Cosán nascleanúna

Crith talún Háítí - AE ag comhordú cabhrach - 15/01/2010

Ardeaglais in Port-au-Prince d'éis na gcreathanna talún © EU

Tá túsmhéid €3 mhilliún ag dul chuig iarrachtaí fóirithinte agus tuilleadh le teacht.

Crith talún a sroich 7.0 ar scála Richter, bhuail sé Háítí an 12 Eanáir. Láirthreach tar éis na tubaiste thug an AE €3 mhilliún ar son gníomhaíochta fóirithinte.

Ghníomhaigh tíortha an AE go mear trína shás cosanta sibhialta a chur ag feidhmiú, ionas gur chomhordaigh an AE an chabhair a thug gach ballstát. Tá foirne cuardaigh is tarrthála ón AE tagtha is táid gníomhach ar an láthair. Fairis sin, tháinig ábhair riachtanacha amhail íonú uisce, ospidéil mhachaire agus pubaill.

"Ní mór dúinn a thaispeáint, mar a dheineamar cheana, gur 'pobal domhanda' dáiríre sinn, atá in ann teacht ar na hacmhainní is gá chun beathaí a shábháil is chun saolta a atógáil," arsa Ard-Ionadaí Gnóthaí Eachtracha an AE, Catherine Ashton.

Tá saineolaithe fóirithinte an Choimisiúin, fara comhpháirtithe idirnáisiúntá in Háítí, ag meas na riachtanas is práinní faoi láthair. Is dócha go leanfaidh a thuilleadh maoinithe ach iadsan a bheith aitheanta.

Breis faoi chabhair dhaonnúil an AE do Háítí Englishfrançais

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links