Cosán nascleanúna

Toscaireacht na Síne ag na cainteanna trádála AE-na Síne ©EC

An t-athrú aeráide, an ghéarchéim airgeadais agus caidreamh geilleagrach a bhí chun tosaigh ag cruinniú mullaigh AE-na Síne i bPrág an 20 Bealtaine.

Shínigh an tAE agus an tSín comhaontuithe chun comhar a leathadh san eolaíocht is sa teicneolaíocht, san fhuinneamh glan is i gcúrsaí mionghnó. Agus d'athdhearbhaigh siad a dtiomantas do thionscadal a léireoidh teicneolaíocht chun aibhléis a ghiniúint ó ghual gan CO2 a scaoileadh - ceann de na príomhgháis faoi deara an téamh domhanda.

Fairis sin, scrúdaigh an dá thaobh seasaimh a chéile roimh chainteanna idirnáisiúnta Chóbanhávan faoin athrú aeráide i mí na Nollag. Tá an tAE ag spreagadh na ngeilleagar éiritheacha amhail an tSín chun astaíochtaí CO2 a theorannú mar mhalairt ar thacaíocht airgeadais ó na tíortha forbartha.

Maidir leis an ngéarchéim airgeadais, aontaíonn an tAE is an tSín gur cheart ról níos mó a thabhairt d'fhorais idirnáisiúnta i bhfaireachán na bpriacal geilleagrach agus gur cheart gur mhó tionchar na ngeilleagar éiritheach is forbraíochta sna forais sin. Ag cainteanna ard-leibhéil níos túisce i mBealtaine, leag an dá thaobh béim ar an trádáil is ar an infheistíocht mar eochair an téarnaimh gheilleagraigh.

Fairis sin, phléigh an dá thaobh cearta an duine sa Tibéid agus na caismirtí i Srí Lanca, san Afganastáin is sa Phacastáin - trí thír ar mór é tionchar na Síne iontu.

Breis faoi chaidreamh AE-na Síne English (en) français (fr)

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links