Uirlisí inrochtaineachta
Uirlisí seirbhíse
Roghnóir teanga
Cosán nascleanúna

Seolann an tAE clár chun naisc níos dlúithe a chruthú le sé thír in Oirthear na hEorpa agus i gCugas Theas
Sa 'Chomhpháirtíocht Oirthearach' tá ionchas ar chonarthaí saorthrádála, ar chabhair airgeadais, ar chúnamh le slándáil fuinnimh agus ar thaisteal saor ó víosa chuig an AE ón Airméin, ón Asarbaiseáin, ón mBealarúis, ón tSeoirsia, ón Moldóiv is ón Úcráin. Don Eoraip, seans go dtabharfadh sé breis cobhsaíochta is slándála ar a himeall thoir.
Is iomaí géarchéim sa réigiún ó thit an tAontas Sóivéadach as a chéile agus is iomaí aighneas gan réiteach fós ann. Ag cruinniú mullaigh i bPrág chun an clár a sheoladh, dúirt an tUachtarán Barroso gur “leas ríthábhachtach” don AE an caidreamh neartaithe.
Cuireann an chomhpháirtíocht sain-toise oirthearach le beartas comharsanacha ![]()
![]()
![]()
an AE. Ba léir an géarghá leis seo le linn na caismirte idir an Rúis is an tSeoirsia an samhradh seo caite agus san aighneas gáis Rúis-Úcráineach in Eanáir. Mhéadaigh an anbhuain is déanaí sa Mholdóiv imní faoi chobhsaíocht an réigiúin.
Gheobhaidh na sé thír breis cabhrach airgeadais ón AE chun cuidiú le leasuithe geilleagracha is polaitiúla. Má éiríonn leis na leasuithe, tharlódh go dtabharfaidís Comhaontuithe Comhlachais uileghabhálacha leis an AE, ina mbeadh conarthaí saorthrádála agus tiomantais faoi shlándáil fuinnimh - rud is tábhachtach do na ballstáit AE a dtéann a soláthair ola is gáis tríd an réigiún sin ón Rúis.
Poblachtaí iar-Shóivéadacha is ea na tíortha, is tá mórdhúshláin don daonlathas is don smacht reachta rompu. Bhuail an cúlú go dona iad, is leanann siad orthu ag coimheascar leis an gclaochlú go geilleagar an mhargaidh.
Chomh maith le saineolas san fhorbairt réigiúnach, tá cláir ag an AE chun tabhairt faoi neamhionannais shóisialta is gheilleagracha, is mhachnódh sé ar a mhargadh saothair a oscailt d'oibrithe ó na tíortha comhpháirtíochta. Agus b'fhusa do thaistealaithe an tAE a shiúl dá n-ardódh na tíortha a gcuid rialuithe teorann go caighdeáin an AE.
Tá bainistiú teorann ar cheann de na cúig réimse ar mian leis an AE cabhrú iontu. Seo na cinn eila: tacaíocht do mhionghnóthais, naisc idir ghreillí aibhléise réigiúnacha, píblínte ola is gáis ón Muir Chaisp go dtí an Eoraip, agus comhar san fhreagairt ar thubaistí.
Tabharfaidh an Comisiún €350m mar airgead úr anuas ar na hacmhainní a pleanáladh i gcomhair 2010-13. Agus €250m a leithdháileadh don réigiún cheana féin, athdhíreofar chun tacú leis an gclár nua é.