Cosán nascleanúna

Crann á phéinteáil le bratacha © EC

Lá Bealtaine féile cúig bliana an mhéadaithe is mó dá ndearna an tAE. Deich dtír a tháinig isteach an lá stairiúil sin i 2004 - an Chipir, an Eastóin,an Laitvia, an Liotuáin, Málta, an Pholainn, Poblacht na Seice, an tSlóvaic, an tSlóivéin agus an Ungáir.

Agus líon na mballstát san AE á ardú aige ó 15 go 25, thug an 'Ollphléasc’ English 73 milliún duine breise agus naoi dteanga oifigiúla nua isteach san AE. Fairis sin, bhog sí teorainn an AE beagnach 1,000 km soir, ag athaontú na hEorpa d'éis na mblianta fada roinnte ag Cogadh Fuar.

Tháinig dhá thír eile - an Rómáin is an Bhulgáir - isteach i 2007, rud a thug líon iomlán 27 dúinn.

Ar éirigh le méadú an AE? De réir thuarascáil AE le déanaí English , is lánchinnte gur éirigh.

Thug sé tairbhe ollmhór gheilleagrach is pholaitiúil do na ballstáit, idir shean is nua. D'ardaigh sé caighdeáin mhaireachtála sna ballstáit nua go mór, spreag sé nua-aoisiú a ngeilleagar agus chruthaigh sé forais níos cobhsaí.

Bhain na sean-bhallstáit deiseanna nua infheistíochta is onnmhairithe amach. Bhain an tAE uile tairbhe as méadú na trádála idir a bhaill agus mhéadaigh ar a chumas iomaíochta.

Neartaigh méadú soir an AE an chobhsaíocht pholaitiúil, an daonlathas is an smacht reachta ar fud na hEorpa - go háirithe i dtíortha na mBalcán atá ag dréim le ballraíocht san AE - agus mhéadaigh sé tionchar an AE is é ag tabhairt faoi dhúshláin dhomhanda amhail an t-athrú aeráide is an ghéarchéim gheilleagrach.

Ach chuir an cúlú faoi láthair le claontaí caomhnaitheacha a bhagraíonn an bonn a bhaint faoin rath sin. "Is iomaí Eorpach a cheistíonn méadú an AE i lár na géarchéime geilleagraí," arsan Coimisinéir um Méadú, Olli Rehn, in óráid le déanaí. "Ach, agus an cúlú geilleagrach á chomhrac againn, níor cheart dúinn ceap milleáin a dhéanamh de mhéadú an AE, mar níor thuill sé a leithéid agus ní hé atá freagrach as ár bhfadhbanna sóisialta."

A mhalairt atá fíor - feictear margadh aonair láidir mar rud ríthábhachtach do théarnamh geilleagrach na hEorpa. Spreagtar na ballstáit nua chun leanúint le leasuithe chun a n-imeascadh polaitiúil is geilleagrach a neartú. Is gá a leithéid de leasuithe chun go mbeidh an tAE in ann fáiltiú roimh bhaill nua feasta.

Faoi láthair tá glactha le trí thír - an Chróit, an Tuirc agus Poblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine (FYROM) - go hoifigiúil mar iarrthóirí ar bhallraíocht AE. Meastar go bhfuil acmhainn iarrthóirí ag cúig thír eile Iar-Bhalcánacha - an Albáin, an Bhoisnia is an Heirseagaivéin, Montainéagró, an tSeirbia agus an Chosaiv.

Breis eolais faoi fhéile 5 bliana an AE mhéadaithe English

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links