Cosán nascleanúna

Iarracht nua an comhshaol a fheabhsú - 12/03/2009

Fear is bean ag tógáil nótaí faoi acmhainní foraoise sa Tansáin © EC

Tionscadail chomhshaoil don imthairiscint ag comhdháil 'ceant-urláir' sa Bhruiséil.

D'iarr grúpla caomhnúcháin cáiliúil €525, 584 ar an AE anuraidh chun an crann dubh-adhmaid Afracach a shábháil is chun an daibhreas a throid sna pobail in oirdheisceart na Tansáine a bhraitheann ar an gcrann dá slí bheatha.

Tá dubh-adhmad Afracach ar cheann de na hadhmaid is luachmhaire ar domhan. Tá sármhianach tonúil ag an gcrann sin atá ar nós craoibhín, is a úsáidtear chun gaothuirlisí adhmaid, amhail óbónna, cláirnéidí nó píoba a dhéanamh. Ba líonmhar tráth san Afraic é, ach anois tá an róbhaint ag bagairt air.

Dhein EuropeAid българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska, an oifig AE atá freagrach as cabhair eachtrach, dianmhachnamh ar an moladh agus chinn gur thuill sé airgead. Sa deireadh, ámh, níor tugadh deontas de dheasca mhaoiniú theoranta an AE.

Ach ní ansin a chríochnaíonn an scéal.

Bhí togra an dubh-adhmaid Afracaigh ar cheann de 86 tionscadal ón uile chearn den domhan a bhí ar 'díol' ag céad cheant comhshaoil an AE Englishfrançais sa Bhruiséil an 13 Márta. Le buiséid idir €400 000 is €3m, cuimsíonn siad raon ó fhairsingiú fásaigh, athrú aeráide is dífhoraoisiú a throid go dtí bithéagsúlacht is forbairt inbhuanaithe a fheabhsú. Measann an Coimisiún gur fiú iad go léir a mhaoiniú ach ní leor a chuid airgid féin chuige sin.

Ní ceant traidisiúnta atá i gceist, ach deis do dheontóirí tualangacha - rialtais, fondúireachtaí is cuideachtaí - chun foghlaim faoi thionscadail ón lucht eagair is ó na saineolaithe AE a d'athbhreithnigh iad. Tá thart ar 400 tar éis clárú don chomhdháil. Oibreofar pacáistí amach do díreach idir na tionscadail is na deontóirí, leis an gCoimisiún mar bhabhdóir.

Tá faoi na tionscadail ról breise a thabhairt do phobail áitiúla, dúchasacha i mbainistiú na bhforaoisí is na n-acmhainní nádúrtha eile. Seachas togra dubh-adhmaid na Tansáine EnglishPDF, ina measc tá iarrachtaí chun foraoisí teochreasacha i bPeiriú a shlánú, tionscadail fuinnimh inathnuaite ar scála beag a thosú faoin tuath sa Táidsíceastáin, faireachán is caomhnú ar choirnigh i dtuaisceart na hAfraice agus athphlandú na bhforaoisí mangróibh sa Nigéir.

Fuair an Coimisiún 200 iarratas anuraidh mar fhreagairt ar ghlaoch ar thograí do mhaoiniú comhshaoil. Bhí ar chumas an AE 46 tionscadal, ar fiú €64.5m iad, a mhaoiniú.

 

Gníomhaíocht chomhshaoil an AE sna tíortha forbraíochta Englishfrançais 

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links