Cosán nascleanúna

Bailíonn fostaí cabhrach daonnúla eolas ó dhídeanaí Iarácach.   © CE

Cé go mbíonn an tAontas Eorpach ag cabhrú le pobail faoi anbhroid i gcéin is i gcóngar, ní heol seo do na meáin ná don mhórphobal.

"Tráthnóna a bhí ann, bhí an troid faoi lánseoil. D'ordaigh fear armtha dúinn imeacht." Bhí ar Shamiana, cailín beag Afganastánach, is a teaghlach teitheadh óna sráidbhaile Qarabagh, 30 km ó Kaboul. Shiúil siad ar feadh roinnt laethanta sular shroich siad campa sa Phacastáin.

Is tapa a mheas foireann áitiúil na seirbhíse cabhrach daonnúla (ECHO Englishfrançais ), ón gCoimisiún Eorpach, riachtanais práinneacha na ndídeanaithe a bhí ag plódú isteach, chun cabhrú leo chomh maith is a bhí ar a gcumas. Díon os a gcionn, bia, cóir leighis, uisce inólta, tacaíocht shíceolaíoch agus na teaghlaigh a thabhairt le chéile - sin a raibh i gceist.

Luas na freagairte an eochair-fhocal ag ECHO, atá díreach tar éis 4 mhilliún euro a scaoileadh chun cabhrú leis an 250,000 duine a d'easáitigh na caismirtí i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó.

I mbliana, chuir an tAontas Eorpach breis is 700 milliún euro Englishfrançais ar fáil mar chabhair dhaonnúil. Seo an chabhair is mó ar domhan, ach ní hí is infheicthe. Ar chúiseanna neodrachta agus cnuaisciúnachta, ní ghníomhaíonn ECHO go díreach, ach is fearr leis tacú le hairgead le tionscadail ar an talamh trí ghréasán eagras atá mar pháirtithe Englishfrançais .

Ceithre bliana níos déanaí, bhí Shamiana is a teaglach in ann filleadh ar a sráidbhaile. Bhí a dteach millte is na páirceanna mórthimpeall lán de mhianaigh, ach thug an tAE cabhair bhia dóibh is mhaoinigh sé an t-imréiteach mianach. Chuir sé airgead ar fáil dóibh chun a dteach a atógáil.

I gcomhthéacs domhanda inar mó i gcónaí a bhraitheann an chabhair dhaonnúil ar shaighdiúirí, ní ghlactar leis go bhfuil an fhoireann seo neodrach, agus is minicí de shíor a bhaineann cogaígh úsáid astu.

Ach Isabelle D’Haudt, atá i bpost in Kaboul le hECHO, ní chailleann sí a misneach: "Ní dhéanann an éigeandáil ach tábhacht ár saothair a mhéadú. Bíonn tionchar gearrthéarmach againn, bíonn sé dírithe. Níl cead againn dul amú."

Tugann an tAontas Eorpach cabhair gach bliain do bhreis is 18 milliún duine, a bhíonn thíos le caismirtí, le turaistí nádúrtha nó le suaitheadh aeráide.

Fairis sin, bíonn an tAE ar thús cadhanaíochta sa troid in aghaidh na bochtaineachta ar fud an domhain. Sa chomhthéacs seo, tá Laethanta Eorpacha na Forbraíochta Englishfrançais á n-eagrú aige ón 15 go 17 Samhain in Strasbourg.

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links