Cosán nascleanúna

Sníonn cabhair AE isteach sa tSeoirsia - 02/09/2008

Daoine timpeall ar leoraí lán de chabhair ón AE

Thug an tAE €6 mhilliún mar chabhair do dhaoine atá gafa sa chaismirt san Oiséit Theas is i gcodanna eile den tSeoirsia. Tá breis cabhrach ar an tslí. 

Eagrais neamhrialtasacha, sain-áisíneachtaí na Náisiún Aontaithe agus an Chrois Dhearg/Corrán Dearg atá ag dáileadh na cabhrach. Tá €8.4 milliún breise tugtha ag ballstáit AE ar leith. 

Pléadh staid na Seoirsia ag  cruinniú mullaigh éigeandála AE DeutschEnglishespañolfrançaisitaliano an 1 Meán Fómhair. Chinn na ceannairí AE ar chainteanna leis an Rúis faoi chonradh nua comhpháirtíochta a chur siar go dtí go dtugann Moscó a shaighdiúirí ar ais chuig na háiteanna ina raibh siad roimh an gcaismirt. D'aontaigh siad ar athbreithniú ar a gcaidreamh leis an Rúis freisin, is cháin siad aitheantas Mhoscó do réigiúin na hOiséite Theas is na hAbcáise mar stáit neamhspleácha. Tionlacfaidh Uachtarán an Choimisiúin José Manuel Barroso agus ceannaire bheartas eachtrannach an AE Javier Solana Uachtarán na Fraince Nicolas Sarkozy ar cuairt go Moscó an tseachtain seo chugainn. Ag an bhFraince atá uachtaránacht an AE faoi láthair. 

Tá foireann saineolaithe AE curtha chuig an réigiún cheana féin chun na riachtanais dhaonnúla a mheas. Leanfaidh breathnadóirí iad – chun faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm shos cogaidh 6 phointe an AE. Chomh maith le sos lámhaigh, cuimsíonn an comhaontú seo cainteanna idirnáisiúnta agus go bhfillfí ar ar staid ina rabhthas roimh an gcogadh 5 lá, a thug trúpaí Rúiseacha isteach sa tSeoirsia lastall den Oiséit Theas. 

D'aontaigh ceannairí an AE cabhair atógála a chur ar fáil don tSeoirsia freisin agus brú ar aghaidh le pacáiste saor-thrádála is le córas víosa níos scaoilte dá cuid saoránach. D'aontaigh siad go gcabhróidís chun comhdháil deontóirí idirnáisiúnta don tSeoirsia a eagrú. Dúirt an Coimisinéir um Ghnóthaí Eachtracha Benita Ferrero-Waldner go mbeidh gá le €110 milliún chun cabhrú leis an 20,000-30,000 duine a díláithríodh. 

Tá faoin AE a chuid nasc leis an tSeoirsia a neartú le blianta beaga anuas, go háirithe ó mhéadaigh an tAontas soir i 2004. Faoina bheartas comharsanachta Eorpach , cuireann an tAE tacaíocht airgeadais do leasuithe geilleagracha is polaitiúla ar fáil. Dúirt Bean Ferrero-Waldner go gcuirfeadh an tAE dlús leis na hiarrachtaí seo is go ndoimhneodh sé a naisc leis an Úcráin is leis an Moldóiv, atá clúdaithe ag an mbeartas seo freisin. 

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links