Cosán nascleanúna

Trácht ar bhóithre cathrach – an tSín

Tá fás tapa, inbhuanaithe, cothrom i ndán do na tíortha i mbéal forbartha má théann a gceannairí i ngleic go daingean leis an ngeilleagar domhanda.

Teachtaireacht shoiléir a bhí i dtuarascáil choiste an fháis is na forbartha , a thíolaic beirt dá mbaill, an buaiteoir dhuais Nobel Michael Spence agus Danuta Hubner, coimisinéir an bheartais réigiúnaigh: is ar a gceannairí polaitiúla is ar a ngníomhairí geilleagracha a bhraitheann fás geilleagrach na dtíortha atá i mbéal forbartha.

Seachas a bheith páirteach sa gheilleagar domhanda agus an dea-rialachas, is iad príomh-chomhábhair an fháis thapa inbhuanaithe do na tíortha sin, dar leis an tuarascáil :

  • Infheistíochtaí poiblí is príobháideacha san oideachas, sa tsláinte agus sa chathrú;
  • An timpeallacht agus éifeachtacht fuinnimh;
  • Naisc na tuaithe leis an gcathair. .

De réir na staide ar leith i ngach tír atá na comhábhair seo le feidhmiú. .

Cuireann an tuarascáil i gcuimhne chomh maith gur modh, seachas cuspóir ann féin, an fás:  gan fás, snámh in aghaidh easa is ea an comhrac i gcoinne na bochtaineachta. 

Toradh ar dhá bhliain oibre is ea conclúidí na tuarascála, agus bunaíodh iad ar iniúchadh na dtréithe i ngeilleagair ina raibh ráta fáis os cionn 7%  ar feadh tréimhse 25 bliain tar éis an Dara Cogadh Domhanda, .i. an Bhotsuáin, an Bhrasaíl, an Chóiré, Hong Cong, an Indinéis, Málta, an Mhalaeisia, Oman, Singeapór, Taiwan, an Téalainn, an tSeapáin agus an tSín.

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links