Cosán nascleanúna

Ag labhairt amach ar son domhain níos fearr - 16/05/2008

Tacaíonn duais Eorpach le hiriseoirí a chosnaíonn cearta an duine, an daonlathas agus an fhorbairt.

Tugann an tAE cuireadh d'iriseoirí ó gach cearn den domhan cur isteach ar a chomórtas Lorenzo Natali  don tsaoirse cainte (spriocdháta - 30 Meitheamh 2008).

Agus tábhacht na duaise á míniú aige, dúirt coimisinéir na cabhrach daonnúla Louis Michel “Gan eolas, gan na meáin, cailleann an domhan a chuimhne ar an am atá thart, a fheasacht faoin am i láthair agus an plé faoin am atá le teacht.”

Cuid thábhachtach de bheartas forbraíochta an AE is ea duais Lorenzo Natali, duais a mheasann gníomhartha chun an daonlathas is cearta an duine a chosaint mar chéimeanna i dtreo an dea-rialachais, na síochána agus an dul chun cinn sa domhan i mbéal forbartha. 

I mbliana tá an duais ar oscailt do na meáin uile irisoireachta (raidió, teilifís, preas agus idirlíon) ar fud an domhain, agus beidh duais airgid €50,000 á roinnt ag na buaiteoirí.  Tabharfar ómós do na buaiteoirí ag searmanas i Samhain 2008 le linn imeacht  Laethanta forbraíochta na hEorpa  i Strasbourg.

Chun breithiúnas a thabhairt ar an gcomórtas, comhoibríonn an Coimisiún le dhá cheann de na cumainn preasa is cáiliúla ar domhan: Iriseoirí gan Teorainn, agus Cumann Domhanda na Nuachtán, atá mar ionadaí ar bhreis is 18,000 foilseachán sna cúig mhór-roinn. 

Trodaire ar son na saoirse ba ea Lorenzo Natali, a fuair gradam de bharr a mhisnigh i gcogadh na saoirse san Iodáil ghafa i 1944.

Foirm iontrála - comórtas Lorenzo Natali

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links