Cosán nascleanúna

Lámh chúnta do na Balcáin Thiar - 05/03/2008

Radharc ar bhaile i mBosnia agus Heirseagaivéin

Ag cabhrú leis na Balcáin Thiar chun ullmhú do bhallraíocht san AE

De réir mar a bhogann na Balcáin Thiar - ina measc, an Albáin, Bosnia agus Heirseagaivéin, Montenegro agus an tSeirbia – níos gaire do bhallraíocht san AE, tá an Coimisiún ag cur lena thacaíocht chun cabhrú lena n-ullmhúcháin, trí, mar shampla:

  • breis scoláireachtaí le mic léinn a ghríosadh chun staidéir san AE
  • breis teagmhála idir eolaithe agus lucht taighde
  • breis comhoibrithe faoi chosaint na timpeallachta, faoin gceartas, faoin saoirse agus faoin slándáil.

Tá taisteal saor ó víosa faoi phlé..

"Laistigh den AE tá toil dhochloíte chun tacú le pobal na mBalcán Thiar d'fhonn luachanna agus caighdeáin mhaireachtála Eorpacha a roghnú,", arsan Coimisinéir um Méadú Olli Rehn.  Dúirt sé gurb iad ceannairí agus pobal an réigiúin a chinnfeadh faoi dheireadh an mbogfaidís i dtreo tochchaí Eorpaigh ina mbeidh cobhsaíocht agus rath.  

Téann thart ar €800m sa bhliain chuig na Balcáin Thiar chun iad a ullmhú do bhallraíocht san AE - níos mó in aghaidh an duine ná aon áit eile ar domhan – agus leanfaidh sé seo go dtí 2011.  .  Rachaidh níos mó den airgead seo chuig gníomhaíochtaí na 'sochaí sibhialta' – ceardchumainn, eagraíochtaí tomhaltóirí, eagraíochtaí ban agus óige.   Tionólfar comhdháil a chuirfidh béim ar ról na sochaí sibhialta sa réigiún an 17-18 Aibreán.  

Is fada atá tacaíocht an AE ag dul chuig comhoibriú idir thíortha na mBalcán Thiar faoi chúrsaí trádála, fuinnimh agus iompair, agus tá tionscnaimh nua ar na bacáin an tseachtain seo, ina measc freagairtí trasteorann i gcás tubaistí amhail tinte foraoise 2007.

Straitéis um méadú an AE agus tuairiscí ar dhul chun cinn

Na tairbhí ó mhéadú an AE i 2004

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links