Cosán nascleanúna

Slua dídeanach Afracach

18.7 milliún de na daoine is boichte ar domhan chun tairbhe a bhaint as an gcinneadh is déanaí AE faoi chúnamh bia.

Leithdháil roinn do chúnamh daonnachtúil an Choimisiúin €160m do chúnamh bia do dhaoine a bhfuil dearg-ghanntanais  rompu - san Afraic, san Áise, sna Cugais agus sa Mheán-Oirthear.

“Is mó ná riamh atá daoine dealbha sna tíortha is boichte ar domhan faoi bhagairt ag tubaistí nádúrtha,ag  aighnis agus ag brúnna geilleagracha a thugann gorta leo.  Tá ról riachtanach ag an AE chun cúnamh bia a chur ar fáil dóibh agus chun táirgeadh an bhia a neartú athuair", arsa an coimisinéir d'fhorbairt is do chabhair dhaonnúil Louis Michel.

Ar na háiteanna is géire gá a dhíreofar an cúnamh bia.  Roghnaíodh 17 ionad tosaíochta go dtí seo.  Ina measc tá na Bhurúin, na Chéinia, Neipeal, na Afganastáin, an Cholóim, an tSúdáin, Sead, na tSomáil, an Bruach Thiar agus Stráice Gaza. Bainfidh an cúnamh bia le:

  • Cúnamh bia a dháileadh ar dhaoine tar éis tubaistí nádúrtha, eipidéimí nó aighnis armtha. 
  • Cabhrú leis na grúpaí is laige le linn géarchéime, go háirithe le páistí faoi bhun a cúig agus lena máithreacha
  • Slí bheatha mhuintir na tuaithe a athneartú trí chlár "bia na hoibre"
  • Bunslí bheatha na ndaoine bochta a fhilleann i ndiaidh géarchéime a athbheochan

Is trí chlár bia domhanda na Náisiún Aontaithe a chuirfear formhór na dtionscadal i gcrích.  Ina chuid gníomhaíochtaí eile i gcúrsaí bia agus chun slándáil ghearrthéarmach bhia a chinntiú, beidh an tAE ag obair leis in gCrois Dhearg agus le heagraíochtaí neamhrialtais eile.

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links