Cosán nascleanúna

Tabhair cuairt ar an AE agus a dhoirse oscailte don phobal – 17 Bealtaine 2014 - 16/05/2014

Bratach an AE ar crochadh os comhair bhratacha náisiúnta thíortha an AE

Mar chuid den cheiliúradh ar Lá na hEorpa, beidh institiúidí an AE ag oscailt a ndoirse don phobal i mí na Bealtaine. Glac páirt sa cheiliúradh a chuimsíonn turais treoraithe, díospóireachtaí agus ceolchoirmeacha, nó bí rannpháirteach ar líne.

Mar chomóradh ar Lá na hEorpa, a bhí ar siúl an 9 Bealtaine, agus ós rud é go bhfuil na toghcháin Eorpacha ag teannadh linn, beidh institiúidí an AE sa Bhruiséil ag cur fáilte roimh chuairteoirí an mhí seo.

An 17 Bealtaine, téigh ar chúl stáitse ag institiúidí sa Bhruiséil, ina measc

  • an Coimisiún Eorpach, a leagann amach cuspóirí agus tosaíochtaí an AE agus a mholann reachtaíocht
  • Parlaimint na hEorpa, ceann de na dálaí daonlathacha is mó ar domhan
  • an Chomhairle Eorpach, áit a ndéanann na ceannairí stáit agus rialtais ó 28 tír an AE a gcinntí.

Is féidir le cuairteoirí níos mó a fháil amach faoin AE agus faoina ndéanann institiúidí an AE - idir cabhair dhaonnúil agus gníomhaíochtaí i gcoinne an athraithe aeráide agus a lán eile - agus sult a bhaint as taispeántais, drámaí, ceardlanna agus raon leathan gníomhaíochtaí do dhaoine fásta agus do leanaí.

Beidh bus tointeála saor in aisce ar fáil chun cuairteoirí a thabhairt ó ionad amháin go hionad eile. Beidh tú in ann siúlóid treoraithe 3 uaire an chloig a thógáil timpeall na Bruiséile freisin chun aithne a chur ar an gcathair freisin, nó páirt a ghlacadh sa cheiliúradh ar líne leis an haischlib #EUopendoors.

An Eoraip a cheiliúradh

Lá Oscailte an AE ina chuid den fhéile bhliantúil do Lá na hEorpa - ceiliúradh ar an tsíochán agus ar an tsaoirse san AE, a leagann béim ar an aontas idir 28 tír ina bhfuil breis is 500 milliún saoránach.

I mí na Bealtaine, eagraítear ceiliúradh ar fud na hEorpa mar chomóradh ar an aitheasc a thug Robert Schuman an 9 Bealtaine 1950, nuair ba eisean aire gnóthaí eachtracha na Fraince. Leag Schuman amach an smaoineamh a bhí aige de chomhar polaitiúil a d'fhágfadh nach bhféadfaí a shamhlú go rachadh náisiúin na hEorpa i mbun cogaíochta.

San aitheasc sin uaidh, leagadh síos an bhunchloch don Aontas Eorpach, ag iarraidh ar an bhFrainc, an Ghearmáin agus ar thíortha eile a gcuid táirgthe guail agus cruach a thiomsú.

Tá toghcháin an AE ar na bacáin, beidh siad ar siúl idir 22-25 Bealtaine.

Lá Doirse Oscailte an AE 2014 PDFDeutschEnglish

Lá Doirse Oscailte an AE ar Facebook English

Toghcháin Eorpacha 2014

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links