Cosán nascleanúna

Toghcháin Pharlaimint na hEorpa - do thuairimí a chur in iúl - 01/04/2014

Foirgneamh Pharlaimint na hEorpa in Strasbourg agus é le feiceáil ó bhád ar a bhfuil bratach na hEorpa ar foluain © AE

Trí ainmniúcháin na bpáirtithe polaitíochta agus díospóireachtaí ar fud an AE táthar ag iarraidh rannpháirtíocht a mhéadú agus cead cainte a thabhairt do na saoránaigh maidir leis an gcaoi a mbeidh an tAontas Eorpach amach anseo. 

Idir an 22 agus an 25 Bealtaine, iarrfar ar shaoránaigh an AE Parlaimint nua de chuid na hEorpa a thoghadh a dhéanfaidh ionadaíocht orthu sna 5 bliana amach romhainn. Agus den chéad uair, ainmneoidh na páirtithe polaitíochta a n-iarrthóirí do phost Uachtarán an Choimisiúin.

Suim an lucht vótála a mhúscailt

Faoi Choradh Liospóin, cuirfidh rialtais an AE anois torthaí na dtoghchán Eorpach san áireamh agus iad ag moladh Uachtarán nua don Choimisiún. Ansin beidh ar Pharlaimint na hEorpa vótáil ar son an Uachtaráin sin le go dtoghfar é.

Cuirfidh an cur chuige sin feabhas ar dhliteanas daonlathach na n-institiúidí Eorpacha agus tabharfaidh sé deis do na saoránaigh a dtuairimí a chur in iúl maidir leis an gcaoi a mbeidh an AE amach anseo freisin.

Agus na toghcháin ar na bacáin, tá na hiarrthóirí i mbun canbhasála agus iad ag lorg vótaí, mar a dhéantar le linn na dtoghchán náisiúnta. Táthar ag súil go spreagfaidh sé sin daoine le heolas a chur ar chúrsaí an AE agus go músclóidh sé a suim sa phróiseas polaitiúil.

Cead cainte a thabhairt don phobal

Le 18 mí anuas, reáchtáil an Coimisiún níos mó ná 50 Comhphlé leis na saoránaigh ar fud na hEorpa, a raibh sé mar aidhm acu muinín an phobail as na hinstitiúidí Eorpacha agus náisiúnta a fháil ar ais, daoine a chur ar an eolas faon AE agus céard a dhéanann sé, agus a chur ar a shúile dóibh go bhfuil tábhacht lena vóta.

Tháinig os cionn 16,000 saoránach chuig na díospóireachtaí sin, agus ghlac 105,000 saoránach eile páirt ar líne. Bhí polaiteoirí Eorpacha, náisiúnta agus áitiúla i láthair ag na díospóireachtaí - agus cabhróidh an méid bhí le rá ag an bpobal leis an gCoimisiún le linn na ndíospóireachtaí sin leis an gCoimisiún ina phlean chun an AE a athchóiriú amach anseo.

Na chéad chéimeanna eile

Mar fhreagra ar na ceisteanna agus na moltaí a tháinig ó na comhphléití leis na saoránaigh, d'fhoilsigh an Coimisiún an dara Tuarascáil maidir le saoránacht an AE PDFdanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodaMaltiNederlandsportuguêsmagyarromânăslovenčinaslovenščinasuomi uaidh, ina bhfuil 12 bheart nithiúla chun dul i ngleic leis na hábhair is mó imní, ar nós deireadh a chur leis na bacainní ar oibrithe agus ar mhic léinn, agus deireadh a chur leis an rómhaorlathas.

Tá roinnt dúshlán fós le sárú, ina measc moladh an Choimisiúin nach mbeadh ach lá amháin vótála ann ar fud na hEorpa, agus go dtaispeánfadh páirtithe polaitíochta cén páirtí Eorpach lena mbaineann siad ar na páipéir bhallóide. Chun an méid sin a dhéanamh, ní mór na rialacha toghchánaíochta a athrú i gcuid de na Ballstáit, áit nach gceadaítear ainmneacha agus lógónna na bpáirtithe polaitíochta Eorpacha a thaispeáint.

Preaseisiúint - toghcháin Eorpacha - rannpháirtíocht a mhéadú 

Preaseisiúint - an díospóireacht faoi thodhchaí na hEorpa 

Bileog eolais - toghcháin Eorpacha atá níos daonlathaí English 

Na toghcháin Eorpacha, 2014 

Conas a oibríonn Parlaimint na hEorpa

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links