Cosán nascleanúna

Bí páirteach sa díospóireacht faoi thodhchaí an AE an 27 Márta - 24/03/2014

Bean óg ag lorg cead cainte ag ócáid de Chomhphlé na Saoránach

An 27 Márta, tiocfaidh os cionn 150 saoránach le chéile sa Bhruiséil faoi choimirce an AE le todhchaí na hEorpa a phlé. Le bheith páirteach sa díospóireacht, postáil ceisteanna agus tráchtanna ar Facebook agus ar Twitter - #EUdeb8.

Tá an díospóireacht ag teacht i ndiaidh an phlé a rinneadh leis na Coimisinéirí Eorpacha i dtíortha uile an AE ó Mheán Fómhair 2012 i leith. D'fhreastail breis is 15 000 duine ar na hócáidí sin a thug deis do shaoránaigh a dtuairimí faoi fhorbairt eacnamaíoch agus polaitiúil na hEorpa amach anseo a chur in iúl roimh na toghcháin Eorpach a bheidh ann i mí na Bealtaine.

Glacfaidh triúr ó gach ceann de na hócáidí sin páirt i ndíospóireachtaí a bheidh ar siúl ar feadh an lae sa Bhruiséil. Pléifear an méid seo a leanas i measc nithe eile:

  • cearta na saoránach
  • sárú na géarchéime
  • an t-athrú aeráide
  • saincheisteanna tomhaltóra a dhéanann difear duit sa ghnáthshaol

Tabharfar na rannpháirtithe uile le chéile in éineacht le José Manuel Barroso, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, sa díospóireacht deiridh ó 16:00 go 17:00 (Am Lár na hEorpa). Féadfaidh tú an plé a leanúint beo trí shruthú gréasáin English (en) agus páirt a ghlacadh ann sna meáin shóisialta.

comhphlé na saoránach

Ba é 2013 Bliain Eorpach na Saoránach, agus ba é aidhm na bliana sin daoine a chur ar an eolas faoina gcearta mar shaoránaigh den AE. Rinneadh plé ar fud na hEorpa le deis a thabhairt do shaoránaigh an AE a ndóchas agus a n-ardmhianta don todhchaí a chur in iúl mar aon lena dtuairimí faoin treo inar cheart don AE dul. Tá an plé sin fós ar siúl in 2014.

Léirigh suirbhé a rinneadh i measc lucht na ndíospóireachtaí gur mheas 51% díobh go mbeadh an Eoraip níos láidre tar éis na géarchéime, agus go raibh aontas polaitiúil níos dlúithe ó 74% díobh. Bhí 88% i bhfabhar tuilleadh díospóireachtaí a reáchtáil.

Beidh na tuairimí a chuir na saoránaigh in iúl ina dtreoir amach anseo sa phleanáil d'athchóiriú an AE. Ós bliain toghcháin í i mbliana, tá tábhacht ar leith ag baint le rannpháirtíocht saoránach sa díospóireacht.

Preaseisiúint - Díospóireacht faoi Thodhchaí na hEorpa българскиdanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaishrvatskiitalianolatviešu valodaMaltiNederlandspolskiportuguêslietuvių kalbamagyarromânăslovenčinaslovenščinasvenska

Díospóireacht faoi Thodhchaí na hEorpa English (en)

Díospóireacht faoi Thodhchaí na hEorpa - Sruthú Gréasáin Beo English (en)

An Coimisiún Eorpach ar Twitter - @EU_Commission

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links