Cosán nascleanúna

An pobal a spreagadh le vóta a chaitheamh sna toghcháin Eorpacha - 10/01/2014

Cuid d'fhoirgneamh Pharlaimint na hEorpa

Sna toghcháin a thionólfar i mí na Bealtaine do Pharlaimint nua na hEorpa a bhfuil tuilleadh cumhachta agus téagair anois inti, beidh daoine ón 28 tír san AE ag caitheamh vóta chun ionadaithe polaitiúla a roghnú a dheanfaidh ionadaíocht orthu go ceann 5 bliana.

Tugadh cumhachtaí nua tábhachtacha don Pharlaimint in 2009 agus ba cheart, dá bhrí sin, go mbeadh an babhta seo toghchán san earrach ar an gceann is suimiúla ó cuireadh tús le toghcháin dhíreacha don chomhthionól in 1979.

Toisc go bhfuil níos mó de chumhachtaí an AE ag an bParlaimint anois, ar cheann de na chéad chúraimí a bheidh ar na Feisirí nua a thoghfar beidh uachtarán nua le roghnú don Choimisiún Eorpach.

Faoin gcóras nua, atá leagtha síos i gConradh Liospóin , is gá do chinn stáit agus rialtais an AE iarrthóir a roghnú bunaithe ar thorthaí an toghcháin. Beidh tionchar níos mó ag an bParlaimint ar roghnú na gCoimisinéirí dá bhrí sin.

Suim na dtoghthóirí a mhúscailt

Toradh eile ar na hathruithe a bheidh ar na toghcháin i mí na Bealtaine ná go gcuirfidh grúpaí polaitiúla iarrthóirí ar aghaidh do phost uachtarán an Choimisiúin den chéad uair.

Tá an Feisire Gearmánach Martin Schulz - atá ina uachtarán ar an bParlaimint faoi láthair - roghnaithe cheana féin ag Grúpa Pháirtí na Sóisialaithe Eorpacha (PES), grúpa ar chlé ón lár, mar iarrthóir oifigiúil don phost.

An mhí seo chugainn déanfaidh Grúpa Chomhghuaillíocht na Liobrálaithe agus na nDaonlathaithe don Eoraip (ALDE), grúpa láir, rogha idir an Coimisinéir Fionlannach Olli Rehn nó iarPhríomh-Aire na Beilge, Guy Verhofstadt.

Idir an dá linn, tá thart ar leathdhosaen iarrthóirí - ceathrar ar príomhairí anois iad nó ar iar-phríomhairí iad ina measc - i gcomórtas mar rogha Pháirtí an Phobail Eorpaigh (EPP), grúpa ar dheis ón lár, agus beifear ag súil le cinneadh i dtaobh na rogha sin i mí an Mhárta.

Tá gearrliosta de cheathrar ag an gComhaontú Glas, agus is trí thoghchán tosaigh a roghnóidh siadsan a n-iarrthóir.

Neamhshuim na dtoghthóirí a chomhrac

Táthar ag súil go ndéanfaidh na hathruithe atá tagtha ar an gcóras suim níos mó a spreagadh i measc an phobail sna toghcháin, agus go dtiocfaidh feabhas ar an líon íseal toghthóirí atá ag caitheamh vóta le blianta beaga anuas. Níor chaith ach 43 % de thoghthóirí vóta in 2009.

I suirbhé a rinneadh ar an bpobal anuraidh, léirigh 62 % de na daoine a ghlac páirt inti go gcuirfeadh sé le líon na ndaoine a chaithfeadh vóta dá mbeadh iarrthóirí ar phost uachtarán an Choimisiúin ceangailte le páirtí éigin, agus dá dtionólfaí na toghcháin ar an lá céanna ar fud na hEorpa.

Faoin gcóras nua beidh ról díreach ag toghthóirí na hEorpa, den chéad uair, i roghnú an chéad cheannaire eile den Choimisiún, agus ba cheart go gcuirfeadh sin le dlisteanacht dhaonlathach an AE.

Toghcháin 2014

Conas a oibríonn an AE

Parlaimint na hEorpa

Toghchán Pharlaimint na hEorpa - an pobal a spreagadh le vóta a chaitheamh

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links