Cosán nascleanúna

Gnóthaí an Aontais Eorpaigh faoi stiúir na Gréige - 07/01/2014

Lógó uachtaránacht na Gréige

Fás, fostaíocht agus comhtháthú sóisialta na tosaíochtaí a bheidh ag an nGréig agus í i bhfeighil uachtaránacht an AE ar feadh 6 mhí, tréimhse a thosaigh Lá Caille.

Seo na príomhthosaíochtaí a bheidh ag uachtaránacht na Gréige

• aghaidh a thabhairt ar fhadhb na dífhostaíochta i measc an aosa óig
• fáil níos mó a bheith ag gnólachtaí beaga agus meánmhéide ar chreidmheas.

I measc na n-aidhmeanna eile atá aici tá rialachas eacnamaíoch sa limistéar euro a fheabhsú agus an chaibidlíocht faoin gcéad chéim eile den aontas baincéireachta a thabhairt chun críche. Is é an phríomhsprioc ina leith sin nach dtitfidh géarchéim airgeadais eile amach mar a tharla le deireanas.

Tá súil ag an nGréig dlús a chur leis na bearta atá ag an AE i réimse na himirce mídhleathaí agus athruithe a dhéanamh ar an straitéis atá ag an AE i réimsí na ngnóthaí muirí agus na cosanta sonraí. Ábhar tábhachtach eile atá ar an gclár is ea teacht ar chomhaontú faoin úsáid a bhaintear as bithbhreoslaí den chéad ghlúin agus as gás scealla.

Tá sé beartaithe go n-eagrófar cruinniú mullaigh tábhachtach le tíortha na hAfraice le linn uachtaránacht na Gréige, agus tá súil go ndéanfar dul chun cinn ar chomhaontú nua iascaireachta idir an AE agus Maracó.

Clár lán go béal

Tráth an-chruógach atá ann agus an Ghréig ag glacadh seilbhe ar uachtaránacht an AE. Beidh gá teacht ar chomhaontú faoi réimse leathan ceisteanna sula scoirfidh Parlaimint na hEorpa i mí Aibreáin. Eagrófar toghcháin dhíreacha don Pharlaimint sna hocht mBallstát is fiche i mí na Bealtaine agus roghnófar Coimisiún nua ina dhiaidh sin.

Feadh tréimhse sé mhí, is í an Ghréig a bheidh sa chathaoir le linn na gcéadta cruinnithe foirmiúla agus neamhfhoirmiúla, ise a dhéanfaidh stiúradh ar chaibidlíocht chasta agus ise a thionólfaidh 13 chruinniú aireachta san Aithin.

D'oibrigh an Ghréig go dlúth leis an Liotuáin le míonna beaga anuas mar gurb í an Liotuáin a bhí i bhfeighil na huachtaránachta le linn na sé mhí go deireadh 2013. I mí Iúil 2014, aistreoidh stiúir na huachtaránachta ón nGréig go dtí an Iodáil, agus is í an tír sin a fhearfaidh fáilte roimh chomhaltaí nua na Parlaiminte agus an Choimisiúin.

Uachtaránacht na Gréige DeutschελληνικάEnglishfrançais

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links