Cosán nascleanúna

Duais Nobel na Síochána ag an AE – seo mar atá cúrsaí bliain níos déanaí - 20/11/2013

Lógó agus an téacs ‘An tAontas Eorpach – Buaiteoir Dhuais Nobel na Síochána 2012’ scríofa air @ AE

D'úsáid an AE airgead na Duaise Nobel chun cabhrú le páistí, a d'fhás aníos le linn cogaidh, oideachas a fháil.

In 2012 bronnadh Duais Nobel na Síochána ar an AE as an tsíocháin, an t-athmhuintearas, an daonlathas agus cearta an duine a chur chun cinn san Eoraip. Chinn an AE duais airgid Nobel na Síochána a bhronnadh ar pháistí nach raibh an tseans acu fás aníos faoi shíocháin.

Tá beagnach 75 milliún páiste ar fud an domhain nach dtéann ar scoil, agus tá cónaí ar a leath díobh sin i limistéir chogaíochta. Ní chuirtear a dhóthain maoinithe ar fáil do chúnamh daonnúil i réimse an oideachais. Chinn an AE, ar an ábhar sin, tacaíocht a thabhairt do thionscadail oideachais éigeandála ar fud na cruinne.

Rinne an AE duais Nobel (€930,000) a mhéadú faoi dhó, sin €2 mhilliún. Dá thoradh sin, thairbhigh níos mó ná 28,000 páiste go dtí seo de na ceithre thionscadal a roghnaíodh anuraidh.

Páistí Síochána an AE – tionscadail

Tá na tionscadail sin dírithe ar thacaíocht oideachais a chur ar fáil agus is eagraíochtaí daonnúla mór le rá a oibríonn i gcomhpháirt leis an AE a chuireann i bhfeidhm iad: ACTED san Iaráic, UNICEF sa Phacastáin, UNHCR sa Cholóim agus in Eacuadór agus Save the Children agus Comhairle Dídeanaithe na hIorua san Aetóip agus i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó.

San Iaráic, tugann an tionscadal an deis do dhídeanaithe óga Siriacha, idir aois 5 agus 15 bliana, páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí caithimh aimsire agus teiripeacha faoi mhaoirseacht.

Le tacaíocht a thabhairt do dhídeanaithe Somálacha, Súdánacha agus Eiritréacha san Aetóip, caitheadh isteach is amach le €500 000 ar spásanna sábháilte foghlama a thógáil, sean-seomraí ranga a athchóiriú agus málaí scoile, trealamh do mhúinteoirí agus uirlisí caithimh aimsire a dháileadh.

Na chéad chéimeanna eile

Mar oidhreacht bhuan pholaitiúil Dhuais Nobel na Síochána, agus mar uirlis oideachais spriocdhírithe i limistéir chogaíochta, leanfaidh an AE den tionscnamh seo sna blianta amach romhainn.

Tá na hacmhainní méadaithe faoi dhó arís ag an AE don bhliain 2014, agus tá €4 mhilliún breise curtha i leataobh chun na costais a bhaineann leis na tionscadail reatha agus tionscadail nua a sheasamh, rud a rachaidh chun tairbhe breis agus 80 000 páiste atá thíos le cogaí.

Preaseisiúint - Páistí Síochána an AE: oidhreacht bhuan Dhuais Nobel na Síochána a thabharfaidh tacaíocht do na mílte páiste ar fud an domhain English

Ó chogadh go síocháin – scéal na hEorpa pdf - 498 KB [498 KB] Deutsch (de) English (en) français (fr)

Páistí Síochána an AE – tionscadail Englishfrançais

Duais Nobel na Síochána don AE

Agus bronnadh duais Nobel na síochána ar … na hEorpaigh

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links