Cosán nascleanúna

Todhchaí an AE – glac páirt sa díospóireacht - 13/08/2013

An Coimisinéir Reding a bhí i láthair i mBeirlín © AE

Is cuma an dearcadh dearfach nó dearcadh diúltach atá agat faoin AE agus a bheartais, roinn an t-eolas sin linn i gcruinniú oscailte nó i gcomhrá ar líne.

Le hocht mí anuas tá Coimisinéirí páirteach i ndíospóireachtaí oscailte faoi thodhchaí an AE. Bhí na díospóireachtaí sin ar siúl i mbailte agus i gcathracha móra agus beaga ar fud na hEorpa – ó Vársá sa Pholainn go Cadiz na Spáinne.

Tá scór díospóireacht fós le teacht, agus tá am ann fós do cheisteanna a chur ar Choimisinéir Eorpach – nó páirt a ghlacadh sa díospóireacht ar líne.

Tapaigh do dheis anois labhairt le polaiteoirí an AE faoi do chearta agus faoin Eoraip a theastaíonn uaitse, agus faoin todhchaí a bhfuil súil agat léi san Aontas Eorpach.

Más spéis leat bheith ar an eolas faoin tuairimíocht agus faoin tráchtaireacht atá a dhéanamh faoin AE, féach na hailt is déanaí i dtaobh na díospóireachta.

Tá réimse leathan tuairimí faoi thodhchaí an AE le feiceáil ar an suíomh sin – mar shampla anailís ar impleachtaí mhéadú an AE sna Balcáin; smaointe agus moltaí faoi conas nasc a dhéanamh leis an bpobal; nó moltaí i dtaobh athchóiriú an Aontais. Coimeád súil ar an méid atá á rá, agus cuir do thuairimí féin faoi na hailt sin in iúl.

Tá na díospóireachtaí á n-éagrú mar chuid de Bhliain Eorpach na Saoránach. Tá imeachtaí ar siúl i rith na bliana chun aird a dhíriú ar na cearta atá ag saoránaigh an AE, agus chun comhphlé a chothú idir rialtais, gnólachtaí agus daoine aonair.

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links