Cosán nascleanúna

Fearaimid fíorchaoin fáilte roimh an gCróit - 01/07/2013

Tinte ealaíne ar an teorainn idir an Chróit agus an tSlóivéin © Reporters

Tá an Chróit ar an 28ú Ballstát san AE anois. Tionóladh an searmanas oifigiúil i Ságrab an 30 Meitheamh agus lean an ceiliúradh ar aghaidh go moch ar maidin.

Níl sé ach scór bliain ó hin, nuair a bhí an Chróit ag troid ar son a neamhspleáchais ón Iúgslaiv. Deich mbliana ó hin, chuir an tír iarratas isteach ar bhallraíocht san AE. An lá stairiúil seo, tá an Chróit i dteannta na 27 tír eile in aontas polaitiúil agus eacnamaíoch a cruthaíodh den chéad uair in 1958.

An ród chun a ballraíochta

Sular aontaigh an Chróit leis an AE, bhí uirthi a lán dá rialacha agus nósanna imeachta riaracháin a chur ar aon dul le rialacha agus nósanna imeachta an AE. Mar shampla, tá an córas dlí sa tír athraithe ó bhonn agus athraíodh bunreacht na tíre le neamhspleáchas an ionchúisitheora phoiblí a ráthú. Bhunaigh an rialtas comhlacht freisin le troid i gcoinne na caimiléireachta.

Samplaí d'athchóirithe eile is ea uasteorainneacha nua d'astaíochtaí gáis cheaptha teasa agus an t-oiriúnú ar na caighdeáin sábháilteachta bia.

Cén buntáiste atá ann don Chrótach féin?

Is féidir leis na Crótaigh leas iomlán a bhaint anois as a mballraíocht san AE. Má bhuaileann tinneas iad i dtír eile san AE, beidh teideal acu ar an gcúram sláinte céanna atá ag náisiúnaigh na tíre sin. Má bhíonn fadhbanna acu agus iad ag siopadóireacht ar líne, beidh siad in ann tairbhiú de chaighdeáin chosanta tomhaltóirí an AE. Agus is i bhfad níos saoire atá sé anois do Chrótaigh glaoch abhaile ó thír eile de bharr na dtáillí fánaíochta.

Maidir le lucht gnó, beidh siad in ann caipiteal a bhogadh idir an Chróit agus tíortha eile an AE, agus leas a bhaint as rialacha a éascaíonn íocaíochtaí trasteorann. Beidh gnólachtaí na Cróite in ann tairiscintí a chur isteach anois ar chonarthaí poiblí ar fud an AE. Agus beidh gnólachtaí beaga na tíre in ann teacht ar fhoinsí maoinithe ón mBanc Eorpach Infheistíochta DeutschEnglishfrançais .

Beidh an Chróit féin in ann teacht ar mhaoiniú ó chistí forbraíochta réigiúnaí an AE. Rachaidh cistí struchtúracha agus comhtháthaithe an AE danskDeutschελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianoNederlandsportuguêssuomisvenska chun sochair na tíre le go mbeidh sí in ann infheistíocht a dhéanamh i dtaighde agus i nuáil, i ngnólachtaí beaga, i bpoist inbhuanaithe agus i dtionscnaimh a dhíreoidh ar easpa scileanna agus ar dhífhostaíocht.

Is é an Coimisiún Eorpach a dhéanann bainistiú ar na cistí sin. Má dhéanann saoránach nó gnólacht de chuid na Cróite gearán i gcoinne an Choimisiúin – nó i gcoinne institiúide nó comhlachta eile san AE – rachfaidh an gearán sin faoi bhráid an Ombudsman Eorpaigh.

Maidir leis an gCróit

Is tír bheag í an Chróit, gan ach daonra 4.5 milliún duine inti, agus tá teorainneacha aici leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin, an Ungáir, Montainéagró, an tSeirbia agus an tSlóivéin. Tá breis agus 1 200 oileán sa Chróit agus tá cónaí buan ar 48 oileán díobh. Is é an kuna airgeadra na tíre, ach tá súil ag an gCróit glacadh leis an euro a luaithe a shásóidh sí na critéir, m.sh. cobhsaíocht praghsanna, cobhsaíocht an airgeadais phoiblí agus an ráta mhalairte.

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links