Cosán nascleanúna

Tá tosaíochtaí leagtha amach ag an Uachtarán Barroso do chruinniú mullaigh AE na Bealtaine - 14/05/2013

Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh José Manuel Barroso © AE

Tá sé iarrtha ag an gCoimisiún dul chun cinn suntasach a dhéanamh roimh chruinniú na gceannairí maidir le bailchríoch a chur ar an margadh inmheánach fuinnimh agus teacht roimh chalaois agus imghabháil cánach, fadhb atá ag éirí níos coitianta.

Chuir an tUachtarán Barroso litir chuig na ceannairí náisiúnta agus luaigh sé na dúshláin atá le sárú ag an AE maidir le praghsanna arda fuinnimh, calaois chánach agus imghabháil cánach.

Fuinneamh

Margadh fuinnimh atá ilroinnte agus loiceadh leas a bhaint as na sochair a thagann as úsáid éifeachtach fuinnimh, m.sh. foinsí níos saoire agus níos glaine, an chúis a bhfuil an-difríocht idir na praghsanna éagsúla ar fhuinneamh ar fud an AE.

Dá gcuirfí bailchríoch ar an margadh inmheánach fuinnimh d'fhéadfaí aghaidh a thabhairt ar na difríochtaí sin. Ba dhul chun cinn freisin é pacáiste athchóirithe fuinnimh DeutschEnglishfrançais an AE a chur chun feidhme. Beidh gá níos mó a dhéanamh freisin le go bhféadfaidh an earnáil phríobháideach agus an earnáil phoiblí infheistíocht inbhuanaithe a dhéanamh i mbonneagar fuinnimh.

Ní mór don Eoraip a soláthairtí fuinnimh a éagsúlú. Bheadh gá foinsí nua idirnáisiúnta a úsáid, agus cur chuige níos comhsheasmhaí a chruthú idir thíortha an AE i dtaobh foinsí in-athnuaite agus hidreacarbón.

Dá ndéanfaí na bearta sin le chéile, d'fhéadfaí cur le cumas iomaíochta ghnólachtaí an AE agus d'fhéadfaí a chinntiú nach n-íocann gnólachtaí ná tomhaltóirí an iomarca as a gcuid fuinnimh.

Calaois chánach agus imghabháil cánach

Is léir ó mheastacháin a rinneadh go bhfuil tíortha an AE na billiúin euro as póca de bharr airgead a bheith á choinneáil i dtearmainn chánach thar lear. Tá an chalaois agus an imghabháil ag cur bac ar chumas na rialtas ioncam a ghiniúint agus cloí le pleananna beartais eacnamaíoch.

Má chruthaítear córas cánach atá cóir agus cothrom beidh gach duine, idir ghnáthoibrithe agus ghnólachtaí ilnáisiúnta, ag déanamh ranníocaíocht chóir leis an gcóras airgeadais phoiblí.

Beidh gá bearta a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta, ar leibhéal an AE agus ar an leibhéal domhanda chun an chalaois chánach agus an imghabháil cánach a chosc go héifeachtach. Tá an Coimisiún ag iarraidh cur leis an raon feidhme atá ag an Treoir um Cháin ar Choigilteas DeutschEnglishfrançais . Déanfaidh sé togra a thíolacadh go luath chun díbhinní agus gnóthachain chapitiúla a chuimsiú faoi na rialacha maidir le malartú uathoibríoch faisnéise idir thíortha.

Tá an Coimisiún ag iarraidh ar na rialtais an Plean Gníomhaíochta българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska chun cur leis an gcomhrac i gcoinne calaois agus imghabháil cánach, agus na moltaí maidir le tearmainn chánach agus pleanáil ionsaitheach i dtaobh cánach, a chur chun feidhme.

Ina litir uaidh chuig ceannairí an AE, d'iarr an tUachtarán Barroso freisin teacht ar chomhsheasamh láidir le linn chruinnithe G8 agus G20 a bheidh ann go luath, rud a thacódh leis na hiarrachtaí idirnáisiúnta dul i ngleic le calaois agus imghabháil cánach.

Tuilleadh faoi chruinniú mullaigh mhí na Bealtaine

Litir ón Uachtarán Barroso English

Faisnéis faoi fhuinneamh българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska

Faisnéis faoi chalaois chánach agus imghabháil cánach българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links