Cosán nascleanúna

Ag ceiliúradh na hEorpa - lá oscailte an 4 Bealtaine - 01/05/2013

Póstaer: "Baineann sé leis an Eoraip, baineann sé leatsa, glac páirt sa díospóireacht: 9 Bealtaine - Lá na hEorpa" © AE

Deis is ea lá oscailte seo na hEorpa le breathnú siar ar an méid atá bainte amach ag an AE -- agus machnamh a dhéanamh ar conas is féidir dul chun cinn. Glac páirt sna díospóireachtaí, sna himeachtaí agus sna gníomhaíochtaí don aos óg agus aosta.

An 9 Bealtaine 1950, d'iarr Robert Schuman, aire gnóthaí eachtracha na Fraince, ar an bhFrainc, an Ghearmáin agus ar thíortha eile san Eoraip a gcuid táirgthe guail agus cruach a thiomsú. B'shin an chéad chéim i dtreo bhunú an Aontais Eorpaigh mar atá inniu ann.

Ceiliúrtar cothrom lae na hócáide sin ar Lá na hEorpa. Aithnítear ar an lá sin aontas an 27 tír atá tiomanta do riail an dlí agus don tsaoirse a chaomhnú ach a bhfuil meas acu ar éagsúlacht a shaoránach.

Laethanta oscailte

Dé Sathairn an 4 Bealtaine, mar chuid den cheiliúradh sin, fáilteoidh institiúidí an AE roimh chuairteanna ón bpobal. Beidh imeachtaí ar siúl freisin in oifigí an Choimisiúin i ngach tír san AE English, agus i roinnt oifigí áitiúla ar fud an domhain.

Beidh idir ghníomhaíochtaí spraíúla agus oideachasúla ar siúl do dhaoine fásta agus do leanaí, ceol beo, taispeántais chultúrtha agus tráth na gceist san áireamh.

Sa Bhruiséil, is féidir leat cuairt a thabhairt ar an Berlaymont (ceanncheathrú na gCoimisinéirí Eorpacha) agus páirt a ghlacadh i roinnt díospóireachtaí françaisNederlands faoin ngéarchéim eacnamaíoch, faoi chearta saoránach agus faoi thodhchaí na hEorpa.

Mar shampla, beidh an Coimisinéir Viviane Reding ina cathaoirleach ar dhíospóireacht ag 2.30 i.n. mar chuid de shraith díospóireachtaí le saoránaigh faoi thodhchaí na hEorpa. Is féidir leat clárú EnglishfrançaisNederlands chun páirt a ghlacadh tú féin, nó breathnú air ar líne English.

Beidh príomhfhoirgneamh Chomhairle an AE, an áit a thagann ceannairí agus airí an AE le chéile do na cruinnithe mullaigh, ar oscailt don phobal chomh maith le seomra díospóireachta Pharlaimint na hEorpa DeutschEnglishfrançaisNederlands, áit a mbíonn na Feisirí Eorpacha i mbun díospóireachta faoi cheisteanna an lae.

Is féidir le cuairteoir cuairt a thabhairt freisin ar mhórfhoraim eile na hEorpa - áiteanna cruinnithe ionadaithe ó réigiúin na hEorpa (Coiste na Réigiún) agus grúpaí leasmhara éagsúla an AE (An Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta English).

Imeachtaí eile

Dé Domhnaigh 5 Bealtaine, beidh an Coimisiún ag ceiliúradh i dteannta an 'Iris Festival' françaisNederlands, agus beidh sráideanna na Bruiséile lán le ceol agus le siamsaíocht sráide.

Ar Lá na hEorpa, an 9 Bealtaine, glacfaidh Uachtarán an Choimisiúin, José Manuel Barroso agus an Coimisinéir Cecilia Malmström páirt i gcomhdháil "staid an aontais English" i bhFlórans na hIodáile faoi dhúshláin eacnamaíocha na hIodáile agus na hEorpa faoi láthair agus faoi thuilleadh comhtháthaithe.

Féile na hEorpa - imeachtaí an lae oscailte, 4 Bealtaine

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links