Cosán nascleanúna

Fás agus poist ar bharr an liosta ag cruinniú mullaigh an AE - 18/03/2013

Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh José Manuel Barroso © AE

Phléigh ceannairí an AE bearta breise le borradh a chur faoin ngeilleagar, poist a chruthú agus tacú le daoine óga atá dífhostaithe.

D'iarr an tUachtarán José Manuel Barroso go ndéanfaí tuilleadh beart chun borradh a chur faoin bhfás, faoi tháirgiúlacht agus faoin bhfostaíocht.

Dúirt sé nach mór bearta sonracha a dhéanamh le cuidiú le daoine óga atá dífhostaithe. Ó mhí Eanáir 2012, tá an Coimisiún ag cur breis acmhainní ar fáil trí mhaoiniú réigiúnach d'ocht dtír ina bhfuil na rátaí dífhostaíochta is airde i measc na n-óg.

Cuireadh tuairim is €16 bhilliún ar fáil go dtí seo agus tá dea-chosúlacht ar thorthaí English an mhaoinithe sin – is cosúil go rachaidh an clár chun tairbhe timpeall 780,000 duine óg agus 55,000 gnólacht beag.

Poist agus oiliúint do dhaoine óga

Teastaíonn iarracht leanúnach chun daoine óga a chur ag obair arís. Tá an Coimisiún ag moladh bearta sonracha DeutschEnglishfrançais a dhéanamh i bhfoirm clár ráthaíochta fostaíochta agus oiliúna dóibh siúd atá faoi bhun 25 bliain d'aois.

Chinnteodh sé sin go dtairgfí dóibh post d'ardchaighdeán, oideachas leantach, nó printíseacht nó tréimhse oiliúna faoi cheann 4 mhí ón oideachas foirmiúil a chríochnú nó ó bheith dífhostaithe.

Ba chóir do thíortha an AE agus Parlaimint na hEorpa na tograí sin a ghlacadh a luaithe is féidir le go mbeidh an Coimisiún in ann tús a chur leis an gclár atá beartaithe aige don tréimhse 2014-20 (€6 bhilliún atá sa bhuiséad).

Ina theannta sin, phléigh ceannairí an AE bearta chun daoine a mheaitseáil leis na scileanna atá de dhíth ar an ngeilleagar. Tá deiseanna fostaíochta ann agus ba cheart daoine óga a oiliúint chun na deiseanna sin a thapú.

Mar shampla, tá sé ag dul crua ar earnáil na teicneolaíochta digití folúntais a líonadh, agus 900,000 oibrí nua ag teastáil ón earnáil faoi 2015. Mar fhreagra air sin, sheol an Coimisiún clár scileanna English féachaint comhordú a dhéanamh ar iarrachtaí gnólachtaí, cumann agus thíortha an AE aghaidh a thabhairt ar an nganntanas.

Pléití idirnáisiúnta

D'iarr an Coimisiún, a fhreastalaíonn ar chruinnithe an ghrúpa G8 English, go ndéanfaí iarrachtaí comhordaithe íocaíochtaí le rialtais eachtracha a bheith trédhearcach, chun imghabháil chánach a chosc agus chun trádáil dhomhanda a fheabhsú.

D'iarr an tUachtarán Barroso ar cheannairí teacht ar chomhaontú faoi thograí българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska an Choimisiúin maidir le rialacha an AE a neartú ó thaobh íocaíochtaí (cánacha, dleachtanna agus bónais) le rialtais eachtracha a thuairisciú. Ba cheart dóibh 2 mholadh българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska ón gCoimisiún maidir le himghabháil agus seachaint chánach a chur chun feidhme go luath freisin.

Buailfidh an tUachtarán Barroso agus coimisinéirí eile le rialtas na Rúise DeutschEnglishfrançais i Moscó an 21 agus an 22 Márta chun comhar trádála a phlé i measc rudaí eile.

Tuilleadh faoi chruinniú mullaigh mhí an Mhárta DeutschEnglishfrançaisportuguês

Óráid an Uachtaráin Barroso leis an gComhairle Eorpach българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links