Cosán nascleanúna

Toghcháin Pharlaimint na hEorpa - an vóta a thabhairt amach - 13/03/2013

FPEanna ag tionól ag Parlaimint na hEorpa i Strasbourg © AE

Eolas níos fearr ar sheasaimh pholaitiúla na n-iarrthóirí agus a gcleamhnachtaí le páirtithe – lá toghcháin socraithe amháin – tiocfadh níos mó daoine amach le vótáil.

I gcás thoghcháin 2014 chuig Parlaimint na hEorpa българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska , is mian leis an gCoimisiún daoine a spreagadh lena vóta a chaitheamh.

Tá laghdú tagtha ar rannpháirteachas sna toghcháin – in 2009 ní dheachaigh ach 43 % de na daoine incháilithe le vótáil. Tá sé tábhachtach don daonlathas Eorpach an treocht seo a aisiompú, mar déanann comhaltaí Pharlaimint na hEorpa ionadaíocht thar ceann shaoránaigh an AE, a vótálann gach 5 bliana le hiad a thoghadh.

D'fhéadfaí an méid sin a bhaint amach trí eolas níos fearr a thabhairt do vótálaithe faoi sheasaimh pholaitiúla iarrthóirí agus a gcuid cleamhnachtaí polaitiúla. Tá an easpa eolais ar cheann de na príomhchúiseanna nach dtéann mórán daoine le vótáil. I suirbhé Eorabharaiméadair #364 ar chearta toghcháin Englishfrançais a rinneadh le déanaí fuarthas amach an méid seo a leanas:

  • Tá 84 % de na hEorpaigh den tuairim go rachadh níos mó daoine le vótáil dá mbíodh tuilleadh eolais acu thionchar an AE ar a saol laethúil, agus faoi chláir na bpáirtithe
  • Creideann 73 % gur dóchúla go rachaidís le vótáil dá mbíodh tuilleadh eolais acu faoi chleamhnachtaí polaitiúla iarrthóirí
  • Tá 62 % den tuairim go méadófaí an líon daoine a théann le vótáil dá mbeadh iarrthóirí cleamhnaithe le páirtithe faoi choinne uachtarán an Choimisiúin agus an vótáil a bheith ar siúl an lá céanna ar fud na hEorpa.

Vótálaithe a chur ar an eolas

Mar fhreagairt English iarrann an Coimisiún ar na páirtithe polaitiúla náisiúnta a chur in iúl go soiléir do na vótálaithe cén páirtí polaitiúil a bhfuil siad cleamhnaithe leis. Chuideodh sé sin le vótálaithe an bhaint idir árdáin pholaitiúla náisiúnta agus na cinn Eorpacha a thabhairt faoi deara.

Ba cheart do pháirtithe polaitiúla Eorpacha agus náisiúnta a rogha iarrthóra le bheith ina chéad uachtarán eile ar an gCoimisiún a fhógairt.

Tá sé tábhachtach an méid sin a bheith ar eolas ag vótálaithe. Faoi rialacha nua, beidh an Pharlaimint freagrach as uachtaráin nua a thoghadh don Choimisiún, arna moladh ag ceannairí rialtas náisiúnta a thagann le chéile sa Chomhairle Eorpach Ní foláir torthaí na dtoghchán Eorpach a chur san áireamh sna moltaí.

Moladh eile is ea lá coiteann do thoghcháin Eorpacha á shocrú ag tíortha an AE, agus na stáisiúin vótála á ndúnadh ag an am céanna in gach tír. Faoi láthair, féadfaidh tíortha toghcháin a reáchtáil thar thréimhse ceithre lá.

Na chéad chéimeanna eile

Is faoi thíortha an AE atá sé anois na moltaí a chur chun feidhme roimh thoghcháin 2014.

Tuilleadh eolais faoi Pharlaimint na hEorpa

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links