Cosán nascleanúna

Faoi stiúir na hÉireann - 01/01/2013

Lógó uachtaránacht na hÉireann

Cobhsaíocht gheilleagrach, fás agus poist - sin tosaíochtaí na hÉireann do na 6 mhí romhainn agus í ag glacadh le huachtaránacht an AE ón gCipir.

Seo an 7ú huair ag Éirinn a bheith ag an roth stiúrtha, agus is tráthúil go bhfuil sé san aon am le cothrom 40 bliain de bhallraíocht na hÉireann san AE.

Tugann an uachtaránacht 6 mhí deis d'Éirinn tosaíocht a thabhairt do na ceisteanna is tábhachtach léi - sa chás seo cobhsaíocht gheilleagrach, poist agus fás.

Poist & fás

Brúfaidh Éire ar aghaidh leis an gcomhshocrú le haghaidh fáis agus post – pacáiste beart atá dírithe ar chomhdhlúthú fioscach, iasachtú, dífhostaíocht, trádáil idirnáisiúnta agus réimsí eile ina bhfuil acmhainn chruthaithe fáis agus post.

Ar na tosaíochtaí eile áirítear rialacha nua

  • le cáilíochtaí gairmiúla a aithint i dtíortha eile san AE
  • le soláthar poiblí a nuachóiriú
  • le cearta na n-oibrithe a phostáiltear thar lear san AE a dhéanamh soiléir.

Le nuáil agus taighde a spreagadh, féachfaidh Éire leis an gcaibidlíocht a chríochnú ar an gcéad bhabhta eile de mhaoiniú an AE, ar a dtugtar Fís 2020 English , agus cuirfidh sí na nithe seo a leanas, go háirithe, chun cinn: nanaitheicneolaíocht, fótónaic, ardmhonaraíocht, néalríomhaireacht agus ríomhaireacht ardluais.

An geilleagar

Le muinín i ngeilleagar na hEorpa a thabhairt ar ais, cinnteoidh Éire go mbeidh fócas ar bhuncheisteana amhail pá, innéacsú pá, athchóirithe ar mhargadh an tsaothair, pinsin, oideachas agus bochtanas sa chóras nua AE um chomhordú geilleagrach agus buiséadach.

Buiséad an AE

Toisc nár aontaigh ceannairí an AE ar bhuiséad 2014-2020 an AE i mí na Samhna, tionólfar cruinniú nua le linn uachtaránacht na hÉireann. Ach na figiúirí iomlána a bheith aontaithe, díreoidh Éire ar an dóigh a roinnfear an buiséad idir na réimsí beartais.

Is iad seo tosaíochtaí na hÉireann: athchóiriú ar an gcomhbheartas talmhaíochta DeutschEnglishfrançais agus ar an gcomhbheartas iascaigh българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska , caiteachas ar thaighde agus nuáil, maoiniú do na réigiúin is boichte san AE agus an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa English, rudaí a chruthóidh fás agus poist tríd an mbonneagar Eorpach a fheabhsú.

Sa bhreis ar thionscnaimh le fás agus poist a chur chun cinn, leagfaidh Éire béim freisin ar an gcomhshaol, ar iompar, ar thíortha nua ag teacht isteach san AE, ar cheartas agus ar thacaíocht don fhorbairt.

An 1 Iúil, an Liotuáin a bheidh ina comharba ar Éirinn, agus beidh an uachtaránacht ag an tír sin go deireadh 2013.

Breis eolais faoi uachtaránacht AE na hÉireann English

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links