Cosán nascleanúna

Agus bronntar duais Nobel na síochána ar ... na hEorpaigh - 07/12/2012

Bronnfar duais 2012 in Osló an 10 Nollaig mar aitheantas ar ról an AE le cobhsaíocht agus athmhuintearas a chur ar aghaidh san Eoraip.

Is iad Uachtarán na Comhairle Eorpaí Herman Van Rompuy, Uachtarán an Choimisiúin José Manuel Barroso agus Uachtarán Pharlaimint na hEorpa Martin Schulz a ghlacfaidh leis an duais thar ceann 500 milliún saoránach na hEorpa.

Ina dteannta beidh Ana Vicente, 12, ón Spáinn, Elena Garbujo, 16, ón Iodáil, Ilona Zielkowska, 21, ón bPolainn agus Larkin Zahra, 23, ó Mhálta – buaiteoirí comórtais líníochta agus scríbhneoireachta English ar líne faoina gciallaíonn an tsíocháin san Eoraip do dhaoine óga.

Dúirt coiste Dhuais Nobel gur i ngeall ar 60 bliain oibre an AE chun an tsíocháin, athmhuintearas, daonlathas agus cearta an duine a chur ar aghaidh a bronnadh an duais.

Dúirt an tUachtarán Barroso gur comhartha is ea an duais Nobel gur cheart dúinn an AE a chaomhnú ar mhaithe le muintir na hEorpa agus ar mhaithe leis an domhan.

"Taispeánann an duais a bhronn Coiste Nobel ar an AE go bhfuil an tAontas Eorpach fós ina fhórsa le tíortha agus daoine ar fud an domhain a spreagadh agus gur gá Aontas Eorpach láidir dár gcomhphobal domhanda," ar seisean.

Tá an AE chun airgead dhuais Nobel a thiomnú ar thionscadail dhaonnúla do pháistí Englishfrançais ar íospartaigh cogaí agus coinbhleachtaí iad (déanfaidh sé an t-airgead a mheaitseáil, le comhshuim €2 mhilliún a dhéanamh).

"Seasann Duais Nobel na Síochána don athmhuintearas ar fud an domhain. Ba cheart go rachadh an t-airgead duaise chun tairbhe páistí - is páistí iad an chéad dóchas don todhchaí, agus na chéad íospartaigh sna coinbhleachtaí a bhí agus atá," a dúirt an tUachtarán Barroso.

Féach ar an searmanas, bain taitneamh as

Beidh tú in ann breathnú ar shearmanas dhuais Nobel beo ar líne nó ar scáileáin phoiblí ar fud na hEorpa agus in áiteanna eile. Tig leat dul i dteagmháil le oifigí ionadaíochta an Choimisiúin san AE le teacht ar eolas faoi imeachtaí i do thírse, fara oifigí faisnéise българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska Pharlaimint na hEorpa.

Beidh mórshiúl faoi sholas tóirsí i gCóbanhávan an 10 Nollaig. Eagrófar ceolchoirm agus taispeántas sa Bhratasláiv ón 7 go 11 Nollaig.

Cuirfidh cuid mhaith d'oifigí an AE thar lear English an searmanas ar scáileán ar fud an domhain agus eagróidh siad imeachtaí ar leith. Mar shampla, taispeánfaidh an oifig in La Paz na Bolaive an searmanas agus níos déanaí tabharfaidh cuid den fhoireann cuairt ar ionad dídine do pháistí le bronntanas a thabhairt.

I Nua-Eabhrac, shocraigh oifig an AE chuig an NA Englishespañolfrançais go dteilgfear soilse gorma agus buí, dathanna an AE, ar an Empire State Building an 11 Nollaig.

Féadfaidh tú féachaint ar bhonn Dhuais Nobel na Síochána sa Bhruiséil in Áras Stair na hEorpa българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska , nuair a bheidh sé críochnaithe.

Léigh fógra oifigiúil dhuais Nobel na síochána English

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links