Cosán nascleanúna

An buiséad a leasú leis an Eoraip a athrú - 21/11/2012

I dteaghlaigh ar fud na hEorpa tá cinntí deacra le déanamh: cad iad na tosaíochtaí caiteachais? Cad iad na rudaí nach dteastaíonn? Cad atá tábhachtach dáiríre don todhchaí?

Is ionann an cás don Aontas Eorpach. Le togra buiséid българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska an Choimisúin, infheistítear inniu ar mhaithe le fás amárach. Gheobhaidh cáiníocóirí níos mó ar an méid céanna airgid, trí fhíorbhuiséad Eorpach a thacóidh le comhtháthú.

Fás a neartú ar fud an Aontais Eorpaigh

Beidh cuid mhór den bhuiséad dírithe ar dhaoine a chur ar ais ag obair agus an geilleagar a chur ag fás. Trí shaoráid nua um chónascadh na hEorpa cuirfear maoiniú ar fáil do na ceangail atá in easnamh sna gréasáin fuinnimh, iompair agus teicneolaíochta faisnéise.

Cuirfear méideanna móra airgid ar fáil don oideachas agus do ghairmoiliúint, do thaighde agus do nuáil, chun poist agus smaointe a chruthú don todhchaí. An t-airgead a leithdháilfear ar réigiúin thearcfhorbartha, is ar phoist agus ar fhás a chaithfear é, rud a thairbheoidh don Eoraip uile.

An Eoraip a dhéanamh níos sabháilte

Déanann go leor de dhúshláin an lae inniu beagchúram de theorainneacha náisiúnta. Agus is saoire i bhfad é don Eoraip beartas comhordaithe amháin a úsáid seachas 27 beartas ar leith.

Beidh bia atá sábháilte agus folláin ag croí-lár na n-athruithe ar mhaoiniú thalmhaíocht na hEorpa. Beidh 30% d'íocaíochtaí díreacha chuig feirmeoirí ag brath ar thiomantas na bhfeirmeorí an earnáil a dhéanamh neamhdhíobhálach don chomhshaol.

Beidh cuspóirí éagsúla le gach euro a chaifear - an comhshaol a chosaint, éifeachtacht fuinnimh agus an troid i gcoinne athrú aeráide a neartú, comhtháthú a láidriú agus spriocanna sóisialta a chur chun cinn. D'fhéadfadh éifeacht mór spreagtha a bheith aige i réimsí éagsúla.

Cuirfidh an buiséad nua treise freisin i mbainistiú theorainneacha seachtracha na hEorpa agus cuirfear airgead úr i dtreo chomhrac na mórchoireachta, na sceimhlitheoireachta agus na cíbearchoireachta.

Luach a chur leis an Eoraip sa domhan

Tá an domhan ag éirí níos lú agus níos lú de bharr dhul chun cinn na teicneolaíochta. Ciallaíonn athruithe i gcomhghuaillíochtaí agus cumhachtaí nua a thagann chun cinn go bhfuil ar an Eoraip iarracht bhreise a dhéanamh le go gcloisfear a guth.

Cuirfear leis an méid airgid a infheisteofar chun leasanna na hEorpa a chosaint. Is léir ó na heachtraí suntasacha a tharla le déanaí i nDeisceart na Meánmhara gur mór é an tionchar ar an Eoraip a bhíonn ag eachtraí a tharlaíonn sna tíortha comharsanacha. Tabharfar dreasachtaí do na tíortha sin a thugann faoi na hathchóirithe polaitiúla agus geilleagracha a neartóidh an daonlathas sa réigiún.

Tá an Eoraip tiomanta 0.7% dá OTI a chaitheamh ar chabhair forbraíochta faoi 2015. An Eoraip a thugann breis is leath na cabhrach forbraíochta ar fud an domhain cheana féin. Tá an tiomantas sin ag an mbuiséad nua freisin.

Teacht ar bhuiséad atá níos cothroime agus níos trédhearcaí

Ní mór go bhfeicfeadh cáiníocóirí an dóigh ina gcaitear a gcuid airgid. Ba cheart go mbeadh an buiséad nua níos simplí, níos trédhearcaí agus níos cothroime. Molaimid athruithe ar na slite ina maoinítear an buiséad; cruthófar sruthanna nua ioncaim a ghlacfaidh cuid d'ionad na ranníocaíochtaí atá bunaithe ar ollioncam náisiúnta gach Ballstáit. Creidimid go dtabharfaidh sé sin deis níos cothroime do theaghlaigh agus do rialtais.

Beidh an buiséad atá beartaithe ina chuid den idirbheartaíocht a dhéanfaidh ceannairí na hEorpa le linn a gcruinnithe an 22 agus 23 Samhain sa Bhruiséil.

Tuilleadh faoi phlean buiséid 2014-2020 DeutschEnglishfrançais

Breis faoi phleanáil bhuiséad an AE DeutschEnglishfrançais

Breis faoi bhuiséad an AE DeutschEnglishfrançais

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links