Cosán nascleanúna

Pleananna AE do 2013 – fás agus poist mar thosaíocht - 24/10/2012

Ceanncheathrú an Choimisiúin, foirgneamh Berlaymont, agus an meirge "Growing stronger together" © AE

Ina phleananna do 2013 tá an Coimisiún ag díriú ar bhorradh a chur faoin bhfás san AE agus daoine a chur ar ais ag obair.

Déanfar timpeall 50 tionscnamh pdf - 332 KB [332 KB] български (bg) čeština (cs) dansk (da) Deutsch (de) eesti keel (et) ελληνικά (el) English (en) español (es) français (fr) italiano (it) latviešu valoda (lv) lietuvių kalba (lt) magyar (hu) Malti (mt) Nederlands (nl) polski (pl) português (pt) română (ro) slovenčina (sk) slovenščina (sl) suomi (fi) svenska (sv) a phlé le linn na bliana agus sa chéad leath de 2014, sa bhreis ar thograí atá idir lámha faoi láthair.

Níl aon athrú ar an bpríomhthosaíocht, is é sin teacht as an ngéarchéim eacnamaíoch agus an AE a chur ar ais i dtreo an fháis inbhuanaithe. Tá meascán idir bhearta spreagtha, athchóirithe ar an gcóras airgeadais agus céimeanna i dtreo aontas níos dlúithe sa phacáiste.

Is é a chuimseoidh na tograí nua:

  • an chobhsaíocht, an trédhearcacht agus cosaint tomhaltóirí a fheabhsú san earnáil airgeadais, bunaithe ar threoirphlean le haghaidh aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta níos dlúithe
  • borradh a chur faoin iomaíocht tríd an margadh aonair Deutsch (de) English (en) français (fr) agus beartas tionsclaíoch comhordaithe; na costais ar ghnólachtaí i réimsí ar nós CBL agus sonrascú a laghdú; agus comhpháirtíochtaí poiblí príobháideacha a spreagadh i réimse an taighde
  • an Eoraip a chónascadh trí na líonraí fuinnimh a léirscaoileadh, an infheistíocht i mbonneagar leathanbhanda a spreagadh, iompar agus lóistíocht a nuachóiriú
  • tacaíocht do dhaoine dífhostaithe – seirbhísí poiblí fostaíochta a fheabhsú agus tacú le cuimsiú sóisialta
  • fuinneamh, acmhainní agus an comhshaol – beartais fáis inbhuanaithe a úsáid le riachtanais fuinnimh a shásamh, aghaidh a thabhairt ar athrú aeráide, cáilíocht aeir agus bainistiú dramhaíola a fheabhsú
  • Eoraip shlán agus shábháilte a chruthú – calaois agus mí-úsáid cistí AE a chosc trí ionchúisitheoir poiblí ar leibhéal AE, gáinneáil in airm a chomhrac le coiriúlacht gunnaí a laghdú, agus na sochair a bhaineann le saoránacht AE a fheabhsú
  • leasanna agus luachanna na hEorpa a chur chun cinn ar fud an domhain trí chomhaontuithe nua trádála, comhar spriocdhírithe le tíortha comharsanacha, agus trí chur le ról an AE mar phríomh-ranníocaí an domhain i gcabhair um fhorbairt българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska.

Déanfaidh an Coimisiún gach iarracht freisin lena chinntiú go gcuirfear na bearta atá comhaontaithe cheana chun feidhme go cuí.

Oibreoidh sé go dlúth le Parlaimint na hEorpa, le ceannairí AE sa Chomhairle, le parlaimintí náisiúnta agus le páirtithe leasmhara eile le torthaí inláimhsithe a fháil do shaoránaigh na hEorpa.

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links