Uirlisí inrochtaineachta
Uirlisí seirbhíse
Roghnóir teanga
Cosán nascleanúna

Ag an gcruinniú mullaigh, 18-19 Deireadh Fómhair tháinig ceannairí an AE ar chomhaontú aghaidh a thabhairt láithreach ar bhearta a spreagfadh an geilleagar agus dul i dtreo aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta níos dlúithe.
I mbileog eolais
[691 KB]
a ullmhaíodh don chruinniú, dúirt Uachtarán an Choimisiúin, José Manuel Barroso go bhfuil níos mó le déanamh faoin gcomhshocrú le haghaidh fáis agus post ![]()
a fógraíodh le deireanas, pacáiste €120bn de bhearta a chuideoidh le tíortha teacht as an ngéarchéim.
Cuimsíonn na cistí sin méadú €60bn ar acmhainn iasachtaithe an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta ![]()
![]()
. Déanfar €55bn eile ó chistí réigiúnacha AE ![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
nár úsáideadh a athdháileadh mar thacaíocht ar ghnólachtaí beaga agus chun poist a chruthú do dhaoine óga.
Tháinig na ceannairí ar chomhaontú maidir le margadh aonair
an AE a dhéanamh níos éifeachtúla trí thograí ón gCoimisiún ![]()
![]()
atá ar feitheamh a thabhairt chun tosaigh.
Gheall siad tacaíocht freisin do bhearta spreagtha eile, seoladh na Saoráide um Chónascadh na hEorpa
ina measc, trína dtabharfar maoiniú €50bn infheistíochta i ngréasáin iompair, fuinnimh agus dhigiteacha.
Beidh ar an earnáil airgeadais ranníocaíocht chothrom a thabhairt freisin ar mhaithe le téarnamh an gheilleagair. Mar thús tabharfaidh an Coimisiún aghaidh ar cháin ar idirbhearta airgeadais
a thabhairt isteach agus déanfaidh sé plean a thíolacadh roimh dheireadh na bliana maidir le cniogbheartaíocht in aghaidh calaois chánach agus imghabháil cánach.
Aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta níos dlúithe
Tháinig na ceannairí ar chomhaontú maidir leis an obair ar chómhaoirseacht
[158 KB]
bhainc an limistéir euro a chríochnú roimh dheireadh na bliana. Cuirfear an creat dlíthiúil chun feidhme in 2013.
Beidh ról lárnach ag an mBanc Ceannais Eorpach
(BCE) sa phróiseas maidir le maoirseoir aonair a chruthú. Bheadh tíortha eile san AE in ann páirt a ghlacadh sa socrú nua.
Bhí na ceannairí d'aon tuairim freisin go leanfaí ar aghaidh leis an obair ar na tograí ![]()
le haghaidh aontas baincéireachta, aontas fioscach, aontas eacnamaíoch agus ar na bearta i dtreo aontas polaitiúil. Déanfaidh an tUachtarán Barroso agus an Coimisiún an treoirphlean ar na tograí sin a leagan amach níos moille sa bhliain.
Déanfaidh Uachtarán na Comhairle, Herman Van Rompuy, i gcomhar le huachtaráin an Choimisiúin, Ghrúpa an Euro
agus an BCE, tuarascáil deiridh ar na tograí sin a chríochnú i mí na Nollag.
Cinntí idirnáisiúnta
D'fhormhuinigh na ceannairí smachtbhannaí breise ar rialtas na Siria agus ar an Iaráin, a mbeidh uirthi cloí le rialacha idirnáisiúnta maidir lena clár núicléach.
Thug siad faoi deara an ghéarchéim pholaitiúil agus dhaonnúil i Mailí agus chinn siad luas a chur faoin gcabhair ón AE maidir le fórsaí cosanta na tíre sin a atheagrú agus a oiliúint.
Tionólfar an chéad chruinniú eile den Chomhairle Eorpach sa Bhruiséil an 22 agus 23 Samhain.
Cinntí na Comhairle Eorpaí – 18 & 19 Deireadh Fómhair 2012 ![]()
![]()
Ráiteas an Uachtaráin Barroso tar éis an chruinnithe mullaigh