Cosán nascleanúna

Treochlár d'aontas níos dlúithe - 17/10/2012

Foirgneamh Justus Lipsius, áit a mbíonn a gcruinnithe mullaigh ag ceannairí an AE sa Bhruiséil © AE

Pléifidh ceannairí an AE bearta le hinfheistiú níos mó san fhás agus an t-aontas a chomhdhlúthú ag a gcuinniú mullaigh an 18-19 Deireadh Fómhair.

Déanfar athbhreithniú ar na céimeanna a glacadh go dtí seo faoin gComhshocrú le haghaidh Fáis agus Post English , plean le €120bn a infheistiú sa spreagadh geilleagrach.

Mhaígh Uachtarán an Choimisiúin, José Manuel Barroso nach mór do thíortha an AE gníomhú go gasta leis an gcomhaontú a chur chun feidhme. Tabharfaidh an Coimisiún cuntas mionsonraithe do na ceannairí ar an staid faoi láthair: a bhfuil ar an gclár, an áit ina bhfuil na bacainní agus cad ba chóir a bheith sna chéad chéimeanna eile.

Is chuig tionscadail a fhorbraíonn nuáil agus scileanna, mionghnóthais, fuinneamh glan, iompar agus bonneagar leathanbhanda a rachaidh cistí an Chomhshocraithe. Déanfar thart ar €55bn ó chistí réigiúnacha AE българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska nár úsáideadh go dtí seo a athdhíriú le tacú le mionghnóthais agus le poist a chruthú do dhaoine óga.

Treochlár d'aontas níos dlúithe

Pléifidh na ceannairí dréachtphlean d'aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta níos dlúithe English , a thíolacfaidh Uachtarán na Comhairle, Herman Van Rompuy i gcomhar le huachtaráin an Choimisiúin, an Ghrúpa euro English agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh English (BCE).

Ar na tograí áirítear rialacha coitinne le hearnáil airgeadais limistéar an euro a mhaoirsiú, buiséid náisiúnta a choimeád laistigh de theorainneacha aontaithe agus beartas geilleagrach níos mine a chomhordú.

Mar chéad chéim, mhol an Coimisiún bearta do chómhaoirseacht English ar bhainc limistéar an euro lena mbeidh baint ag an BCE d'fhonn cobhsaíocht a thabhairt ar ais.

Bheadh gach tír AE in ann glacadh leis an socrú nua, ar cloch chora chuig aontas baincéireachta é.

Mhol an Coimisiún comhrialacha English maidir le hidirghabháil a dhéanamh nuair a bhíonn banc i bponc geilleagrach. Chabhróidís sin le tionchar teipe bainc ar mhargaí airgeadais, agus costas na fóirithinte ar cháiníocóirí, a ísliú.

Aontas fioscach

Is léir ón ngéarchéim an gá go ndéanfaidh tíortha limistéar an euro níos mó chun a mbeartais bhuiséideacha a chomhordú d'fhonn fás inbhuanaithe agus cobhsaíocht gheilleagrach a chinntiú.

Sa deireadh d'fhéadfadh limistéar an euro comhbhuiséad a fhorbairt le cabhrú leis na baill freagairt ar ghéarchéimeanna geilleagracha agus fioscacha.

Leis an gcomhtháthú breise fioscach ba chóir go ndéanfaí comhordú níos treise ar bheartas geilleagrach agus margadh aonair DeutschEnglishfrançais an AE a chríochnú.

Dar leis an Uachtarán Barroso, ba cheart go dtabharfadh plé na seachtaine seo comhaontú i mí na Nollag ar threochlár d'aontas baincéireachta, d'aontas fioscach, d'aontas eacnamaíoch agus céimeanna ionsar aontas polaitiúil.

Clár – Cruinniú den Chomhairle Eorpach an 18-19 Deireadh Fómhair
Tuarascáil: an Comhshocrú le haghaidh Fáis agus Post a chur chun feidhme българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links