Cosán nascleanúna

Duais Nobel na Síochána 2012 bronnta ar an Aontas Eorpach - 12/10/2012

Bratach an AE os comhair bhrait na mBallstát © AE

Inniu, bronnadh Duais Nobel na Síochána 2012 ar an Aontas Eorpach. Is aitheantas é an gradam seo ar an méid atá déanta ag an AE le breis agus trí scór bliain chun an tsíocháin agus athmhuintearas, an daonlathas agus cearta an duine a chur chun cinn.

"Is onóir ollmhór dúinn uile san Aontas Eorpach gur bronnadh Duais Nobel na Síochána 2012 ar an AE. Tá an Duais seo ar an aitheantas is mó is féidir a thabhairt ar na ceannfháthanna doimhne polaitiúla ar a bhfuil an tAontas fothaithe: an iarracht uathúil atá á déanamh ag níos mó agus níos mó stát san Eoraip an chogaíocht agus easaontais a shárú agus ilchríoch shíochánta agus rathúil a dhéanamh di le chéile. Ní don tionscadal agus do na hinstitiúidí a chuireann leas coiteann i bhfeidhm amháin an Duais seo, ach is Duais í do na 500 milliún duine atá ina gcónaí san Aontas", a dúirt Uachtarán na Comhairle Eorpaí agus Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh i gcomhráiteas.

Agus iad ag díriú ar an todhchaí, léirigh an dá Uachtarán tiomantas leanúnach an Aontais Eorpaigh an tsíocháin agus an tslándáil sna tíortha atá cógarach dúinn agus i dtíortha ar fud an domhain a chur chun cinn.

Chuir Coiste Dhuais Nobel na Síochána san Iorua béim ar an méid atá déanta ag an AE le breis agus trí scór bliain chun an tsíocháin agus athmhuintearas, an daonlathas agus cearta an duine a chur chun cinn san Eoraip.

Bhí ardmheas ag an gCoiste ar an ról daingnithe a bhí ag an AE leis an Eoraip a chlaochlú ó ilchríoch na cogaíochta go hilchríoch na síochána. Léiríonn obair an AE "bráithreachas idir náisiúin" agus is dea-shampla é de na "comhdhálacha síochána" ar thagair Alfred Nobel dóibh mar chritéir do Dhuais na Síochána san uacht a d'fhág sé in 1895.

Tuilleadh eolais:

  • Preasráiteas Choiste Nobel English
  • Coiste Nobel English
  • Ráiteas ó Uachtarán na Comhairle Eorpaí agus Uachtarán an Choimisiúin English
  • Ráiteas físeáin ón Uasal Van Rompuy English
  • An Coimisiún Eorpach: preasráiteas DeutschEnglishfrançais
  • Suíomh gréasáin an Uachtaráin Barroso DeutschEnglishfrançaisportuguês

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links