Cosán nascleanúna

An bealach á leagan ag an gCoimisiún d'aontas baincéireachta - 17/09/2012

Brait na 27 mBallstát AE © AE

Ní leor comhordú simplí a thuilleadh – maoirseacht agus comhtháthú níos dlúithe ag teastáil san AE le géarchéim eile baincéireachta a sheachaint, muinín a chur ar ais sa chóras airgeadais agus coigilteoirí a chosaint.

Cé go mbíonn na bainc ag feidhmiú níos minice anois thar theorainneacha náisiúnta, is maoirseacht náisiúnta a dhéantar ar a gcuid gníomhaíochtaí. I ngeall ar airgeadra comónta agus dlúthchomhtháthú airgeadais tá an limistéar euro neamhchosanta ar ghéarchéimeanna baincéireachta a théann thar theorainneacha thír amháin go tír eile san AE.

Creideann an Coimisiún gurb é an réiteach ar an scéal maoirseacht níos daingne a eagrú ar leibhéal an AE. Bunaíodh trí chomhlacht maoirseachta cheana féin in 2011 le comhordú a dhéanamh ar obair na rialtóirí náisiúnta agus lena chinntiú go gcuirtear rialacha AE i bhfeidhm go comhréireach.

Is é atá molta i dtogra nua българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomi go bhfaigheadh an Banc Ceannais Eorpach (BCE) English cumhachtaí breise le faireachán a dhéanamh ar fheidhmíocht 6000 banc nó mar sin sa limistéar euro. Thabharfaí an sásra aonair maoirseachta ar an socrú sin.

Ghlacfadh an BCE cúraimí eile chuige féin ar nós údarú na mbanc agus institúidí eile creidmheasa, chinnteodh sé go mbeadh a ndóthain caipitil acu le leanacht dá seirbhísí, fiú agus caillteanas déanta acu, agus dhéanfadh sé faireachán ar ghníomhaíochtaí ilchuideachtaí airgeadais.

Dá sáródh banc riachtanais chaipitil nó dá mbeadh banc i mbaol a sáraithe, bheadh an BCE in ann iarraidh ar an mbanc sin beart ceartaitheach a dhéanamh. Bheadh na gnáthsheiceálacha á ndéanamh fós ag na maoirseoirí náisiúnta.

Bheadh 'an t-aontas baincéireachta' fothaithe ar leabhar amháin rialacha maidir le riachtanais chaipitil, scéimeanna caighdeánaithe cosanta taiscí agus forálacha nua téarnaimh agus réitigh; moladh iad i dtogra níos luaithe sa bhliain.

Chuirfeadh an BCE tús leis an bpróiseas in Eanáir 2013, agus dhéanfadh sé faireachán ar roinnt de na bainc a fuair nó a d'iarr pacáistí tárrthála ón earnáil phoiblí. Faoi Eanáir 2014 bheadh na bainc uile á maoirsiú aige.

Is é seo an togra is déanaí de thionscnaimh éagsúla AE lena bhfuil súil go seachnóidh an AE géarchéim baincéireachta eile. Sa bhreis ar na húdaráis mhaoirseachta a bunaíodh ar leibhéal an AE, tá beart déanta ag an AE le riachtanais chaipitil a thabhairt isteach do bhainc, an earnáil airgeadais a athstruchtúrú trí bhainc neamh-inmharthana a dhúnadh agus ráthaíochtaí a thabhairt isteach do thaiscí bainc.

Tuilleadh faoi rialacha bhainc AE agus a maoirseacht Deutsch (de) English (en) français (fr)

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links