Uirlisí inrochtaineachta
Uirlisí seirbhíse
Roghnóir teanga
Cosán nascleanúna

Ina aitheasc ar Staid an Aontais 2012, mhol an tUachtarán Barroso go mbogfadh an AE ionsar chónaidhm náisiúnstát. Fairis sin, d'fhógair sé treophlean don fhómhar faoin aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta a dhoimhniú.
Ina aitheasc ar Staid an Aontais 2012, d'agair Uachtarán an Choimisiúin José Manuel Barroso go tréan ar son treo nua agus smaointeoireachta nua don Eoraip.
Rinne sé cur síos ar chosán ionsar bhreis aontachta Eorpaí chun an ghéarchéim a shárú agus ceannasacht a chaomhnú sa saol domhandaithe. "Éilíonn an domhandú breis aontachta Eorpaí. Éilíonn breis aontachta breis lánpháirtíochta. Éilíonn breis lánpháirtíochta breis daonlathais," ar seisean. Rinne sé 'beart cinntitheach don Eoraip' a chur os comhair Pharlaimint na hEorpa, beart "a éilíonn fíor-aontas domhain eacnamaíoch, ar bhonn aontais pholaitiúil, a bhaint amach."
Fairis sin, thíolaic sé togra an Choimisiúin ar chomh-mhaoirseacht ar bhainc limistéar an euro ![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
mar chloch cora ionsar aontas baincéireachta. Gheobhadh an Banc Ceannais Eorpach cumhachtaí maoirseachta ar na bainc uile chun teipeanna banc a chosc agus taisceoirí a chosaint.
I rith a óráide, rinne Barroso freisin:
Tig le saoránaigh ceisteanna a chur ar an Uachtarán Barroso faoi Staid an Aontais go dtí 18 Meán Fómhair ar EUtube ![]()
![]()
. Tabharfaidh sé freagra orthu in agallamh beo ar líne an 19 Meán Fómhair ar a 19.00 ALE, agallamh a chraolfar ar líonra is ar shuíomh gréasáin Euronews ![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
, ar EUtube ![]()
![]()
, ar leathanach Google+ an Choimisiúin
, ar an Eoraip trí Shatailít ![]()
agus ar shuíomh gréasáin an Uachtaráin ![]()
![]()
![]()
.
Tuilleadh eolais ar http://www.ec.europa.eu/soteu2012/ ![]()
![]()
![]()
aitheasc Staid an Aontais