Cosán nascleanúna

Staid an Aontais a mheas in 2012 - 07/09/2012

An tUachtarán Barroso © AE

Cuir ceist ar an Uachtarán Barroso faoi staid an Aontais – tabharfaidh sé freagra in agallamh beo ar líne an 19 Meán Fómhair

Cén riocht ina bhfuil an tAontas Eorpach agus cén chaoi a dtiocfaidh sé as an ngéarchéim eacnamaíoch? Níl ansin ach dhá cheist a ndíreoidh Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, José Manuel Barroso, a aird orthu nuair a thabharfaidh sé óráid faoi Staid an Aontais 2012 i bParlaimint na hEorpa in Strasbourg an 12 Meán Fómhair ag 9 r.n. (am lár na hEorpa).

Déanfaidh an tUachtarán Barroso cur síos macánta agus soiléir ar an staid ina bhfuil an Eoraip agus ar a thuairimí féin faoin tslí ba chóir don Eoraip bogadh ar aghaidh sna blianta amach romhainn. Is féidir an óráid a fheiceáil beo ar líne ag http://ec.europa.eu/avservices/ebs/schedule.cfm Englishfrançais .

Chomh maith leis sin, cuirfidh an tUachtarán Barroso teachtaireacht i scríbhinn chuig Uachtarán Pharlaimint na hEorpa ina leagfaidh sé amach na tograí beartais a bheidh á gcur chun cinn ag an gCoimisiún Eorpach sna míonna amach romhainn.

An 19 Meán Fómhair ag 7 i.n. (am lár na hEorpa) beidh an tUachtarán Barroso ar fáil le ceisteanna ón bpobal faoi staid an Aontais a fhreagairt beo ar líne in agallamh arna chur i láthair ag Euronews, ag úsáid teicneolaíocht físchomhrá Google+.

Iarrtar ar an bpobal ceisteanna a chur isteach i bhfoirm físeáin nó téacs idir an 7 Meán Fómhair agus an 18 Meán Fómhair (sprioc meán lae am lár na hEorpa). Is féidir ceisteanna a chur isteach – agus vóta a thabhairt dóibh – ar EUtube DeutschEnglishfrançais , cainéal YouTube an Choimisiúin Eorpaigh. As measc na gceisteanna a gheobhaidh an líon is mó vótaí, roghnóidh Euronews roinnt daoine lena gceisteanna a chur ar an Uachtarán go pearsanta, beo ar líne, i bhfíschomhrá Google+ (Hangout).

Craolfar an t-agallamh beo ar líne ar líonra agus suíomh gréasáin Euronews DeutschEnglishespañolfrançaisitalianopolskiportuguês , ar EUtube DeutschEnglishfrançais , ar leathanach Google+ an Choimisiúin, ar Europe by Satellite Englishfrançais agus ar shuíomh gréasáin an Uachtaráin DeutschEnglishfrançaisportuguês . Is féidir beoshruth an agallaimh ar EUtube a leabú go héasca ar aon suíomh gréasáin.

Féach ar an gcuireadh a sheol an tUachtarán DeutschEnglishfrançais

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links