Cosán nascleanúna

Borradh a chur faoin bhfás, aontas níos láidre a chruthú - 02/07/2012

Uachtarán an Choimisiúin, José Manuel Barroso © AE

Ag a gcruinniú mullaigh, an 28-29 Meitheamh, bhí ceannairí an AE ar aon fhocal faoi bhearta maidir le muinín a chur ar ais sa gheilleagar, infheistíocht bhreise a dhéanamh i bhfás agus aontas níos láidre a chruthú.

“D'éirigh leis an gComhairle Eorpach seo an rud a bhí ó na saoránaigh, ó na comhpháirtithe idirnáisiúnta agus ó na margaí a thabhairt dóibh,” arsa Uachtarán an Choimisiúin, José Manuel Barroso.

Thacaigh tíortha limistéar an euro le cómhaoirseacht ar a gcuid banc i gcomhar leis an mBanc Ceannais Eorpach (BCE) – beart tábhachtach leis an gcobhsaíocht a athbhunú.

D'fhéadfaí ciste tarrthála limistéar an euro a úsáid freisin chun cabhair a thabhairt díreach do na bainc atá i dtrioblóid. Faoi láthair, bíonn ar na rialtais iasachtaí a iarraidh ar an gciste agus an t-airgead a thabhairt ar iasacht do na bainc ansin.

D'iarr na rialtais náisiúnta ar Uachtarán na Comhairle, Herman Van Rompuy, plean a fhorbairt d'aontas eacnamaíochta agus airgeadaíochta níos daingne i gcomhar le huachtaráin an Choimisiúin, Grúpa an Euro English agus an BCE.

Bheadh comhrialacha sa phlean lena bhféadfaí an earnáil airgeadais a mhaoirsiú, na buiséid náisiúnta a shrianadh faoi theorainneacha comhaontaithe agus an beartas eacnamaíoch a chomhordú ar shlí níos dlúithe.

Spreagadh fáis breise

Tháinig an AE ar chomhaontú faoi chomhshocrú maidir le fás agus poist English , agus beartaíodh €120bn a infheistiú mar spreagadh eacnamaíoch.

Áirítear sna cistí caipiteal breise don Bhanc Eorpach Infheistíochta DeutschEnglishfrançais , a dhéanfaidh a acmhainn iasachtaithe iomlán a mhéadú €60bn. Úsáidfidh an banc na cistí do thionscadail lena bhforbraítear nuáil agus scileanna, gnólachtaí beaga, fuinneamh glan agus bonneagar nua-aimseartha ar fud an AE.

Déanfaidh an AE €5bn a infheistiú i mbannaí tionscadail English (en) , agus úsáidfear iad chun togáil bonneagair iompair, fuinnimh agus leathanbhanda a chómhaoiniú.

Déanfar €55bn eile a bhaint ó chistí réigiúnacha българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska nár úsáideadh agus úsáidfear é mar thacaíocht do ghnólachtaí beaga agus chun poist a chruthú do dhaoine óga.

Bearta fáis eile

Thacaigh ceannairí an AE le moltaí an Choimisiúin a bhaineann go sonrach le tíortha faoi leith agus a thugann aghaidh ar an mbeartas eacnamaíoch agus na tosaíochtaí buiséid le linn na 12 mhí amach romhainn.

Tá comhaontú eatarthu ar na céimeanna deiridh a theastóidh do chóras aonadach cosanta paitinne DeutschEnglishfrançais le ná beadh ar airgeoirí ach paitinn amháin a chlárú faoina gclúdófaí na tíortha AE rannpháirteacha agus laghdófaí na costais agus an maorlathas.

Cinntí idirnáisiúnta

Cháin na ceannairí an foréigean sa tSiria agus d'iarr siad ar na páirtithe uile cloí le plean síochána de chuid na Náisiún Aontaithe. D'iarr siad ar an Iaráin cloí lena hoibleagáidí idirnáisiúnta maidir lena clár núicléach. Thosaigh trádbhac ola an AE ar an tír sin an 1 Iúil 2012.

Tháinig siad ar chomhaontú freisin tús a chur le hidirbheartaíochtaí le Montainéagró i dtaobh a ballraíochta san AE.

Na torthaí a bhí ar chruinniú mullaigh an AE i Meitheamh 2012 Deutsch (de) English (en) français (fr) português (pt)

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links