Cosán nascleanúna

Aontas baincéireachta don Eoraip - 26/06/2012

Foirgneamh Justus Lipsius, áit a mbíonn na cruinnithe mullaigh ag ceannairí an AE sa Bhruiséil. © AE

Dá ndéanfaí cómhaoirseacht ar bhainc an AE chosnófaí taisceoirí, gheofaí an mhuinín ar ais agus chosnófaí an earnáil airgeadais ar shuaitheadh – céimeanna tábhachtacha leis an Eoraip a shaoradh ón ngéarchéim.

Is léir ón ngéarchéim eacnamaíoch agus airgeadais go bhfuil córas baincéireachta an AE neamhchosanta ar shuaitheadh. Má tá fadhb ag banc amháin, téann an fhadhb sin i bhfeidhm go gasta ar bhainc eile, agus déantar dochar do thaisceoirí, d'infheistíocht agus don gheilleagar iomlán.

Le blianta beaga anuas, tá an AE agus na Ballstáit ag cur leis an maoirseacht a dhéantar ar an earnáil airgeadais. Mar chuid de na hathchóirithe DeutschEnglishfrançais sin, bunaíodh trí chomhlacht Eorpacha maoirseachta anuraidh chun obair rialálaithe náisiúnta a chomhordú agus lena chinntiú go gcuirtear rialacha AE i bhfeidhm go comhleanúnach.

Ach is féidir tuilleadh a dhéanamh fós chun an chobhsaíocht airgeadais a chinntiú. Tá sé iarrtha ag Uachtarán an Choimisiúin, José Manuel Barroso, aontas baincéireachta a bhunú le go gcuirfear muinín arís sna bainc agus sa euro – agus mar chuid d'fhís fhadradharcach do chomhtháthú eacnamaíoch agus fioscach. Is iad na príomhghnéithe a bheadh san aontas sin:

  • rialacha uile-AE do na bainc – lena n-áirítear ceanglais choiteanna ach sholúbtha maidir leis an méid caipitil nach mór do bhainc a shealbhú
  • maoirseoir baincéireachta amháin san AE a mbeadh formhaoirseacht aige ar bhainc a oibríonn i dtíortha éagsúla agus ar bhainc an-mhór – le rialacha a fhorfheidhmiú agus rialú rioscaí a mhaoirsiú
  • comhrialacha le teip banc a sheachaint agus le teacht i gcabhair ar bhanc a bhfuil fadhbanna airgeadais aige – sula mbeidh gá le tarrtháil ó phóca an cháiníocóra
  • scéim amháin ráthaíochta taiscí le taisceoirí a chosaint pé áit a bhfuil coigilteas agus infheistíocht acu san AE – le muinín a chur arís sa chóras baincéireachta

Tá tograí ullmhaithe ag an gCoimisiún cheana maidir le gnéithe áirithe a theastódh d'aontas baincéireachta. Orthu sin tá dlí AE DeutschEnglishfrançais a chuideodh le Ballstáit agus le rialálaithe náisiúnta aghaidh a thabhairt go gasta éifeachtach ar ghéarchéim na mbanc.

Na chéad chéimeanna eile

Tá tograí breise beartaithe ag an gCoimisiún – maidir le comhchiste tárrthála banc, teipeanna banc agus dlúthchomhordú sna beartais chánach agus chaiteachais.

Ag a gcruinniú an 28-29 Meitheamh, déanfaidh ceannairí an AE plé ar thograí le haghaidh aontais bhaincéireachta agus aontais fhioscaigh.

Tuilleadh faoi rialacha agus maoirseacht maidir le bainc an AE Deutsch (de) English (en) français (fr)

Clár – Cruinniú na Comhairle Eorpaí 28-29 Meitheamh

Update - The banking union българскиčeštinadanskDeutschελληνικάeesti keelEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska

Fiscal union DeutschEnglishfrançais

Building blocks towards economic growth DeutschEnglishfrançais

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links